skip to main content

Fáilte curtha ag an Taoiseach roimh Donald Trump

Donald Trump agus a bhean Melania ag Aerfort na Sionainne
Donald Trump agus a bhean Melania ag Aerfort na Sionainne

Tá tús curtha ag Donald Trump lena chéad chuairt oifigiúil ar an tír seo ó toghadh ina Uachtarán i Stáit Aontaithe Mheiriceá é.

Thuirling eitleán an Uachtaráin Trump – Air Force One – ag Aerfort na Sionainne tráthnóna.

Chuir an Taoiseach Leo Varadkar fáilte roimh an Uachtarán agus a bhean chéile Melania ag an aerfort.

Labhair an bheirt cheannairí ag preasócáid i gcríochfort an aerfoirt ina dhiaidh sin. Dúirt an tUachtarán Trump gur mór an ónóir dó a bheith in Éirinn.

Dúirt sé freisin gur chreid sé go mbainfeadh an tír seo tairbhe as dealú na Breataine ón Aontas Eorpach ach gur dúshlán mór í fós ceist na teorann.

Bhí cruinniú ag an Taoiseach leis Uacharán Trump i ndiaidh na preasócáide. 

Imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, an próiseas síochána sa Tuaisceart, imirice, trádáil agus an clár víosa E3 is mó a bhí idir chamáin acu.

I ndiaidh an chruinnithe, thug an tUachtarán agus a lucht coimhdeachta aghaidh i héileacaptar ar an óstán agus an galfchúrsa atá aige sa Dún Beag i gCo an Chláir. Caithfidh siad dhá oíche ann.

Tá dianslándáil i bhfeidhm thart ar Aerfort na Sionainne agus an Dún Beag agus tá 2,000 Garda ar dualgas ann.