skip to main content

Pionóis "níos cothroime agus níos déine" do dhúnmharfóirí á lorg

Gaolta daoine a dúnmharaíodh ag éileamh pianbhreith"níos cothroime agus níos déine"
Gaolta daoine a dúnmharaíodh ag éileamh pianbhreith"níos cothroime agus níos déine"

Tá gaolta daoine a dúnmharaíodh sa tír seo ag achainí ar an Rialtas athchoiriú iomlán a dhéanamh ar an gcóras parúil. Creideann na gaolta go bhfuil an córas dlí i bhfad róscaoilte i leith dúnmharfóirí.

Bhí os cionn leathchéad duine ón ngrúpa SAVE (Sentencing and Victim Equality) i mbun agóide taobh amuigh den Dáil agus den Roinn Dlí agus Cirt ar maidin agus iad ag éileamh tréimhse pianbhreithe níos cothroime agus níos déine, mar a deir siad féin, a ghearradh ar dhúnmharfóirí.

Tá na gaolta thar a bheith míshásta faoi fhad na dtéarmaí príosúin a gearradh ar na daoine a mharaigh a ndaoine muinteartha agus faoin bpolasaí atá ann príosúnaigh a scaoileadh amach luath mar gheall ar dhea-iompar.

Maraíodh Siobhán Kearney i mBaile Átha Cliath in 2006 agus deir a deirfiúr Aisling McLoughlin go bhfuil a tuismitheoirí agus an teaghlach fós ag lorg a gcearta.

Aisling McLoughlin

Ag cosaint dúnmharfóirí - seachas íospartaigh - atá dlíthe na tíre, a deir sí. Deir sí nach bhfuil aon bhac ar dhúnmharfóirí mar gheall go bhfuil téarmaí gearra príosúin á dtabhairt amach ag breithiúna agus nach bhfuil íostéarma leagtha síos sa tír seo.  

Tugtar deis do dhúnmharfóirí iarratas a dhéanamh ar phribhléidí cosúil le lá saor a fháil ón bpríosíun agus iarratas iad scaoileadh amach luath ar parúl, a deir sí.

"Tá dearmad déanta orainne agus ar an gcaoi a bhfuil na pribhléidí seo ag goilliúnt orainne."

Dúnmharaíodh Sharon Whelan agus a beirt iníonacha i gCill Chainnigh Lá Nollag na bliana 2008. Deir a máthair Nancy nár chóir go mbeadh deis ag dúnmharfóirí téarmaí príosúin a chur isteach go comhthráthach. Creideann sí gur cheart go gcuirfidís isteach iad ceann i ndiaidh a chéile.

Níor gearradh ach pianbhreith amháin ar an bhfear a mharaigh í - Brian Hennessy - cé gur trí choir thromchúiseacha a rinne sé, a deir sí. 

An agóid i mBaile Átha Cliath inniu

Maraíodh Ciara Ní Chathmhaoil ina teach cónaithe i gCeatharlach in 2007. Scaoileadh an fear a mharaigh í - Gordon Molloy - amach as an bpríosún ar feadh lá amháin anuraidh ach diúltaíodh dá iarratas ar lá eile i mbliana.

Deir máthair Chiara, Patti Ní Chathmhaoil, nár chóir go scaoilfí leithéidí Gordon Molloy amach as an bpríosún ar chor ar bith go dtí go mbeadh fiche bliain ar a laghad dá théarma curtha isteach aige.

Cé go bhfuil deis ag príosúnaigh atá cúisithe i ndúnmharú iarratas a dhéanamh ar pharúl tar éis seacht mbliana, deir an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan gur ocht mbliana déag ar an meán a chaitheann siad sa phríosún sula gceadaítear parúl.

I ráiteas ón Aire tráthnóna, deir sé go bhfuil bille os comhair na Dála faoi láthair le Bord Parúil Reachtúil nua a bhunú agus go leagfar síos coinníollacha nua maidir le próiséas parúil na tíre in am trátha.