I gcúirt sa Fhrainc tráthnóna, fuarthas Ian Bailey ciontach i ndúnmharú Sophie Toscan du Plantier sa Scoil in iarthar Chorcaí i mí na Nollag 1996 agus gearradh téarma príosúin 25 bliain air.
Ní raibh Ian Bailey sa chúirt agus tá beag is fiú déanta den triail ag a dhlíodóir Frank Buttimer.
Shéan Ian Bailey go minic cheana go raibh aon bhaint aige le dúnmharú an léiritheora scannán.
Cuireadh tús leis an triail Dé Luain seo caite agus cuireadh deireadh léi ag 11.20 ar maidin. Triail gan ghiúiré a bhí inti agus thóg sé thart ar chúig huaire an chloig ar na breithiúna é a chiontú.

Sophie Toscan du Plantier
Sasanach ó dhúchas é Ian Baile. Tá sé 62 bliain d'aois agus sé ina chónaí ar an Tuar Mór in iarthar Chorcaí.
Rinne údaráis na Fraince dhá iarrratas é a eiseachadadh chun na tíre sin roimhe seo, ach dhiúltaigh cúirteanna anseo do na hiarratais sin. Is cosúil go ndéanfaidh na Francaigh an tríú hiarracht i bhfianaise an bhreithiúnais tráthnóna.
De réir dhlí na Fraince, ní féidir le Ian Bailey achomharc a dhéanamh in aghaidh a chiontaithe ach tá cead aige triail eile a lorg faoi nach raibh sé i láthair an uair seo.
Dúirt Frank Buttimer gur mór an náire é rialú na cúirte sa Fhrainc agus gur sháraigh sé riar na córa.
Bhí sé i gceist riamh ag na húdaráis sa Fhrainc, a dúirt sé, a chliant a chiontú gan cheist.
Cháin Frank Buttimer an Roinn Dlí agus Cirt freisin faoi gur chuir siad ar chumas údaráis na Fraince an triail a chur ar bun, a mhaígh sé. Dúirt sé chomh maith go léiríonn sin nach bhfuil muinín ag an Roinn i gcóras dlí na tíre seo.