skip to main content

Tá Diane Dodds, DUP, tofa an athuair i dtoghchán na hEorpa ó thuaidh.

Diane Dodds, Feisire Eorpach arís, agus a fear Nigel le feiceáil taobh thiar di.
Diane Dodds, Feisire Eorpach arís, agus a fear Nigel le feiceáil taobh thiar di.

Tá Diane Dodds, DUP, tofa an athuair i dtoghchán na hEorpa ó thuaidh.

Ar an 3ú comhaireamh a rinne bean chéile Nigel Dodds an beart.

Is í iarrthóir Shinn Féin, Martina Anderson a bhí in uachtar tar éis an chéad chomhaireamh, ach toghadh Diane Dodds roimpi de bharr aistriúchán ó Danny Kennedy, UUP.

Toghfar fós meastar Martina Anderson agus beidh an 3ú suíochán ag Naomi Long, ceannaire Alliance.

Cé gur ceapadh go spreagfadh an díospóireacht faoi Brexit daoine, níor chaith ach 45% den phobal vóta, - 6% de laghdú le hais 2014.