skip to main content

Vótáil ar bun ar oileáin san iarthar

Tá vótáil ar bun inniu sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla agus sa reifreann ar an gcolscaradh ar na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Tá os cionn 2,000 oileánach i dteideal vótála.

677 duine atá i dteideal vóta a chaitheamh ar Inis Mór, Árainn, an t-oileán is mó daonra amach ó chósta na Gaillimhe.

Ciúin go leor a bhí an vótáil sa bhunscoil i gCill Rónáin ar maidin agus tráthnóna. Tá an scoil ar cheann de dhá ionad vótála ar an oileán.

Bhí cuid mhaith daoine ó na trí oileán Árann ar an mórthír inniu ar shochraid duine dá gcomhoileánaigh agus síltear gurb in ceann de na cúiseanna nach raibh a vóta caite ach ag níos lú ná 12% den phobal faoi 4 a chlog.

Ag vótáil in Inis Mór, Árainn inniu

Tá súil ag an phobal in Inis Mór gurb í seo an uair dheireanach a bheas orthu a vóta a chaitheamh lá roimh an chuid eile den phobal ar an mórthír, má ritear reachtaíocht leasaithe san Oireachtas.

Deir na hoileánaigh nach bhfuil aon chúis ann níos mó go gcaithfidh siad vótáil lá chun cinn ar phobail eile.

Dúirt Micheál Ó Goill, cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Árann, go bhfuil an tseirbhís báid agus eitleáin in ann freastal ar riachtanais vótála na n-oileánach agus nach ceart lá breise a choinneáil uathu le cinneadh a dhéanamh cé dó a gcaithfidh siad a vóta.

Dúirt sé go bhfuil an córas faoi láthair leithchealach ar mhic léinn agus orthu siúd atá ag obair ar an mórthír mar go gcaithfidh siad leas a bhaint as an chóras vótála poist nó lá iomlán a chailleadh ag taisteal ar ais chun an oileáin lena vóta a chaitheamh.

Is í Árainn Mhór, turas farraige ceathrú uaire as Ailt an Chorráin i gCo Dhún na nGall, an t-oileán is mó daonra sa chontae sin.

Tá 513 duine cláraithe le vótáil in dhá ionad éagsúla ansin. Bíonn ar chuid mhaith d’aos óg an oileáin filleadh as an mórthír lena vóta a chaitheamh anseo chomh maith.

Fanfaidh na hionaid vótála oscailte go dtí 10 a chlog anocht ar na hoileáin mhóra.