Deir Ard-Mhéara nua Bhéal Feirste John Finucane nach ligfidh sé don bhagairt ó dhílseoirí bac a chuir air ina chuid oibre ar son mhuintir Bhéal Feiste.
Tá sé curtha in iúl ag póiliní do John Finucane mac Pat Finucane an dlíodóir a dúnmharaíodh in 1989 go bhfuil sé beartaithe ag dílseoirí é a ionsaí ina theach cónaithe.
Aréir, insealbhaíodh John Finucane mar Ard Mhéara Bhéal Feirste.
Dúirt an tArd Mhéara go bhfuil sé ag iarraidh ionadaíocht a dhéanamh ar phobal Feirste ar fad agus nach ligfidh sé don bhagairt bac a chuir air é sin a dhéanamh.
Ina theach i dtuaisceart Bhéál Feirste 30 bliain ó shin, scaoil dílseoirí marbh an dlíodóir Pat Finucane os coinne a mhná chéile agus triúr páistí, John Finucane san áireamh.
Gortaíodh a mháthair Geraldine fad is a chuaigh John agus a dheartháir agus a dheirfiúr i bhfolach faoin tábla.
Dúirt Gerry Kelly ó Shinn Féin inniu go raibh an bhagairt ó dhílseoirí deistíneach agus go raibh an tagairt dá theach cónaithe John Finucane déanta d'aon ghnó.
Toghadh John Finucane ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ag tús na míosa.
Níos luaithe i mbliana, rialaigh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe nár chomhlíon Rialtas na Breataine a ndualgaisí chun fiosrúchán éifeachtach a bhunú maidir le dúnmharú Pat Finucane.
Sheas an chúirt áfach le cinneadh Rialtas na Breataine gan fiosrúchán poiblí a bhunú.
Léirigh Tuarascáil de Silva sé bliana ó shin go raibh comhcheilg ar bun idir Stáit na Breataine agus na pairimílitigh i gcás an dúnmharaithe.
Ghabh Príomhaire na Breataine ag an am David Cameron leithscéal poiblí ach dhiúltaigh sé fiosrúchán poiblí a chur ar bun.
Tá an seasamh céanna ag Rialtas na hÉireann riamh gur chóir fiosrúchan poiblí a bhunú maidir le dúnmharú Pat Finucane.