skip to main content

Damáiste do sheanteach scoile i nGaoth Dobhair de bharr tine

Ardscoil Mhuire, Gaoth Dobhair ar maidin
Ardscoil Mhuire, Gaoth Dobhair ar maidin

Rinne foireann theicniúil na nGardaí scrúdú ar maidin ar theach scoile díomhaoin i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall a chuaigh le thine luath maidin inniu.

Deir na Gardaí gur tharla an tine ag Ardscoil Mhuire idir meánoíche agus 2.50 ar maidin. 

Rinneadh damáiste suntasach don chuid tosaigh den scoil agus don díon i gcúl an fhoirgnimh de bharr an dóiteáin. 

D'éirigh le Briogáid Dóiteáin Ghaoth Dobhair an tine a cheansú agus níor gortaíodh aon duine dá barr. 

Tá iarratas pleanála déanta le déanaí le 30 teach cónaithe a thógáil ar láthair na scoile agus bhí an seanfhoirgneamh le leagan mar chuid den fhorbairt atá beartaithe.

Ní fios fós cad é mar a thosaigh an tine.