Tá an laghdú atá tagtha ar líon na mbeach ar domhan ag cur soláthairtí bia i mbaol, a deir na Náisiúin Aontaithe. Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBeach.
De bharr na gceimiceán a úsáidtear i ndianfheirmeoireacht agus de bharr athrú na aeráide, tá níos lú beach ann.
Is pailneoirí iad beacha atá riachtanach le torthaí, glasraí agus cnónna a fhás. Má leanann cúrsaí mar atá , a deir na Náisiúin Aontaithe, beidh an iomarca ríse, prátaí agus arbhair againn ach ganntanas glasraí agus torthaí.
Is éiceolaí sinsearach í an Dr Úna Fitzpatrick san Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta agus faoi láthair tá sí ag stiúradh togra féachaint le líon na mbeach in Éirinn a mhéadú.
Dar léi go bhfuil ról ag gach duine sa sprioc seo a bhaint amach mar go bhfuil an tríú cuid de bheacha fiáine na tíre seo i mbaol díothaithe.
In 2015, cuireadh an Plean Uile-Éireann um Pailneoirí i bhfeidhm féachaint le dul i ngleic leis an bhfadhb. Déantar cur síos sa phlean ar 81 céim atá riachtanach le líon na mbeach a mhéadú.
Deir an Dr Fitzpatrick go bhfuil formhór na n-earnálacha sa tír seo ag tabhairt tacaíochta don phlean - an earnáil feirmeoireachta, na comhairlí áitiúla, scoileanna agus pobail.
An beachaire Paddy Finnerty
Deir an beachaire i gConamara Paddy Finnerty gur chóir sceacha agus fálta a fhágáil gan gearradh chun gnáthóg nádúrtha na mbeach a chosaint.
Tarraingíonn sé aird freisin sé ar bhagairt eile fós. Deir sé go bhfuil sé "contúirteach go bhfuil oiread beach á dtabhairt isteach ó thíortha eile. Tá siad dainséarach do na beacha dúchasacha sa tír seo mar go n-iompraíonn siad leo galair éagsúla."
Tuilleadh faoi scéal na mbeach anseo.