Deir ball den Choiste um Chuntais Phoiblí go raibh coimhlint leasa i gceist leis an scrúdú neamhspleách a rinne an comhlacht iniúchóirí Price Waterhouse Cooper ar an ró-chaiteachas ar Ospidéal Náisiúnta na Leanaí.
Tá sé tagtha chun solais gurb iad na daoine céanna sa chomhlacht a thug comhairle d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an togra dhá mhí roimhe sin.
Mí na Samhna seo caite, thug PWC comhairle d'Fheidhmeanncht na Seirbhíse Sláinte ar an chinneadh a ghlac siad leanúint leis an togra in ainneoin go raibh ardú tagtha ar chostas an ospidéil.
Dhá mhí ina dhiaidh sin, d'iarr an Rialtas ar PWC athbhreithniú a dhéanamh ar an ro-chaiteachas céanna agus íocadh €500,000 leo ar an obair seo.
Tá sé tagtha chun solais anois gurb iad an pearsanra céanna ón cohmhlacht a bhí i mbun an dá phróisis.
Dúirt an Teachta Dála Catherine Murphy go gciallaíonn sé seo go raibh coimhlint leasa i gceist.
Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte Jim Breslin leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí nár chreid sé go raibh coimhlint leasa i gceist.