I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe, tá imreoir peile curtha ar a thriail as ionsaí a dhéanamh ar imreoir a bhí ar an fhoireann eile le linn chluiche.

Séanann Jamie Downes, 38 bliain d’aois ó chumann Naomh Mícheál i gcathair na Gaillimhe go ndearna sé ionsaí ar Chian Ó Griallais ó Chumann Micheál Breathnach i gCois Fharraige i gcluiche sraithe i 2016.

Dúirt an tAbhcóide Conor Fahy ar shon stiúrthóir na nIonchúisimh Poiblí gur tharla an eachtra ar pháirc Chuman Naomh Mícheál i gcathair na Gaillimhe le linn cluiche sraithe idir an cumann sin agus Cumann Micheál Breathnach ar an 4 Bealtaine 2016.

Maítear gur bhuail imreoir Naomh Mícheál Jamie Downes Cian Ó Griallais nuair nach raibh seilbh na liathróide ag ceachtar acu.

Séanann Jamie Downes go ndearna sé ionasaí ar Chian Ó Griallais
Séanann Jamie Downes an chúis atá curtha ina leith.

Séanann Jamie Downes an chúis atá curtha ina leith d’ionsaí tromchúiseach faoi Alt a 3 don Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine.

Dúirt Conor Fahy leis an ghiúré go raibh Cian Ó Griallais a bhí ina lánchúlaí i ngeansaí uimhir a 2, ar a bhealach trasna na páirce nuair a fuair sé buille sa chloigeann agus san aghaidh.

Briseadh a ghiall agus a smig agus b’éigean dhá phláta agus ceithre bhís a fheistiú leis na cnámha a choinneáil le chéile.

Dúirt Conor Fahy nach raibh fhios ag Cian Ó Griallais cé as a dtáinig an buille ná cé bhuail é.

Ní fhaca ach duine amháin é ag tarlú.

Dúirt Cian Ó Griallais leis an chúirt go raibh sé a bhealach ar ais chuig a chéile comhraic Eamonn Brannigan nuair a buaileadh ón taobh é.

Bhí Cian Ó Griallais ina lánchúlaí ar fhoireann Mhicheál Breathnach
Bhí Cian Ó Griallais atá ar thaobh na lámha deise sa phictiúr seo ina lánchúlaí

Briseadh a smig ina dhá leath agus briseadh a ghiall san áit a gceanglaíonn sé leis an bhlaosc. Ní raibh sé ábalta bia crua ar bith a ithe ar feadh 8 seachtainí agus bhítear á bheathú le sop.

D’fhiafraigh Conal McCarthy abhóide cosanta Jamie Downes de Chian Ó Griallais an bhféadfadh sé go raibh sé ag rith faoi luas le teacht suas le hEamonn Brannigan ós rud é gur reathaí iontach gasta é Brannigan agus gur mar sin a theagbhaigh sé de thaisme lena chliantsa Jamie Downes a bhí ag pilleadh ar a áit féin ar an pháirc.

Dúirt Cian Ó Griallais nach ag rith a bhí sé ach ag sodar agus nár aontaigh sé gur de thaisme a theagbhaigh Jamie Downes leis.

D’aontaigh sé le Conal McCarthy go dtarlaíonn gortuithe mar seo i spórtanna teagmhála ina mbíonn an imirt ghasta agus imreoirí ag gluaiseacht thar achar beag i mbeagán ama ach dúirt sé go dtarlaíonn formhór na ngortuithe nuair a bhíonn an pheil i seilbh an té a ghortaítear.

D’fhiafraigh Conall McCarthy de Chian Ó Griallais an fíor go bhfuil cás sibhialta tionscnaithe aige in eadan Bhord na Gaillimhe de Chumann Luthchleas Gael, in éadan Chumann Luthchleas Gael, Chumann Naomh Micheál agus in éadan Jamie Downes féin.

Dúirt Cian Ó Griallais gur ar threoir a dhlíodóra atá sé á dhéanamh sin.

Dúirt Conall McCarthy leis gur chuir sé tús leis an chás sibhialta sin trí ghearán a dhéanamh leis na Gardaí, agus gur bhunaigh sé sin ar chuinsí nach bhfuil Cian Ó Griallais féin cinnte cad a tharla dó.

Dúirt réiteoir an chluiche Frank Kenny nach bhfaca sé an eachtra cionnas nach raibh an liathróid i seilbh Chian Ó Griallais ná Jamie Downes.

Dúirt bainisteoir Chumann Micheál Breathnach Stephen Costello leis an chúirt go bhfaca seisean an eachtra ag tarlú.

"Ní raibh an liathróid gar de cheachtar imreoir," a dúirt sé.

"D’ardaigh Jamie Downes a uilinn agus d’athraigh sé a threo lena chinntiú go dteagbhódh sé le Cian Ó Griallais," a dúirt Stephen Costello.

Dúirt Conall McCarthy go bhféadfaí a rá nach raibh Stephen Costello neamhchlaonta mar go raibh leas aige sa chluiche seo.

Dúirt bainisteoir Chumann Micheál Breathnach go bhfaca sé an méid a chonaic sé.

Leanfar leis an triail amárach.