Éistíodh san Ard Chúirt i mBaile Átha Cliath le hiarratas atá déanta ag Comhairleoir Contae i gCorcaigh gur chóir Breitheamh a mbeadh Gaeilge líofa aige a bheith ar fáil a d'éisteodh a chás cúirte.
Cúisíodh an Comhairleoir Neamhspleách Diarmaid Ó Cadhla i ndamáiste coiriúil a dhéanamh do chomharthaí sráide ina bhfuil ainm Banríon Victoria na Breataine luaite orthu ag trí láthair éagsúla i gcathair Chorcaí ar an 3 Feabhra, 2017.
Tá Diarmaid Ó Cadhla ag éileamh go ndéanfaí a chás a éisteacht i nGaeilge ach deir an Stát nach mbaineann an ceart seo ach leis an nGaeltacht.
Ag labhairt dó thar cheann an Stáit, mhaigh an tAbhcóide Sinséarach Colm Ó hOisín nach bhfuil ceart bunreachtúil ag gach duine cás cúirte a fháil eistithe os comhair Breitheamh a bhfuil Gaeilge líofa aige nó aici.
Cé go bhfuil oibligeáid ar an Stát Breitheamh le Gaeilge a cheapadh i limistéar Gaeltachta nach mbeadh ag brath ar chabhair ó ateangaire, níl an riail céanna i gceist do limistéar nach bhfuil sa Ghaeltacht, a dúirt an tUasal Ó hOisín.
Is é an Ghaeilge príomh theanga oifigiúil an Stáit, a mhaigh dlíadóirí thar cheann an iarratasóra, Diarmaid Ó Cadhla agus ar an ábhar sin tá sé i dteideal a chás a chur i láthair na cúirte gan srian.
Thug an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh le fios go dtabharfaidh sí breithiúnas sa chás seo ar an 20 Meitheamh.