Beidh an Taoiseach Leo Varadkar ag freastal ar chruinniú mullaigh domhanda chun dul i ngleic le fuathchaint i bPáras sa Fhrainc inniu.

Tá ceannairí an domhain agus ardfheidhmeannaigh teicneolaíochta ag teacht le céile i bhfianaise na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla in Christchurch sa Nua-Shéalainn  inar maraíodh 51 duine i mí an Mhárta.

Craoladh na hionsaithe beo ar Facebook.

Cé gur bhain Facebook na físeáin anuas, bhí siad le feiceáil ar feadh tamaill ina dhiaidh sin ar Youtube, atá faoi uinéireacht Google.

Rinne dream anaithnid ionsaithe ar theicneolaíocht Google nuair a thriall siadsan físeáin Christchurch a bhaint anuas.

Christchurch Call an t-ainm atá baistithe ar an chruinniú mullaigh atá ar bun i bPáras