D'fhéadfadh sé go mbeadh féilte agus ócáidí pobail i gcontúirt an samhradh seo mura socraítear cé atá freagrach as seirbhísí garchabhrach a chur ar fáil acu.
Is í an Chosaint Shibhialta a chuireann seirbhísí garchabhrach ar fáil ag imeachtaí móra pobail ach de réir tuairisce ar an Irish Times, níl sé soiléir ón gcomhairle dlí atá faighte ag an Roinn Cosanta an í an Roinn nó na húdaráis áitiúla atá freagrach astu.
Tá imní ar an fhéile BiaLover i mBaile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe nach mbeidh de rogha acu ach íoc as an tseirbhís seo ón earnáil phríobháideach ar chostas ard.
Dúirt Máire Daly ó choiste eagraithe na féile ceardbhia, atá ar bun anois le cúig bliana, go mbeidh os cionn 6,000 duine i láthair ag na himeachtaí a bheas ar bun i ndeireadh an Mheithimh i mbliana.
"Beidh muid go breá i mbliana," a dúirt sí, "ach mura réitíonn siad an fhadhb seo gan mhoill d'fhéadfadh sé go mbeadh an costas a dheich n-oiread chomh hard an bhliain seo chugainn. Is ionann an costas breise sin agus leath ár mbuiséid, agus níl an t-airgead sin againn."
Dúirt Colm Croffy ó AOIFE - scátheagraíocht na bhféilte agus na n-ócáidí pobail - le Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil an cheist seo práinneach anois.
"Caithfidh an Roinn Cosanta agus an Roinn Rialtais Áitiúil a aontú cé air a mbeidh freagracht as an Chosaint Shibhialta," a dúirt sé, "agus tá i bhfad níos mó ná na féilte féin i gceist anseo - tá pobail tuaithe ag brath go mór ar na hócáidí seo mar imeachtaí sóisialta chomh maith le bheith tábhachtach don gheilleagar áitiúil."