skip to main content

Léirsiú ag beachairí in aghaidh ceimiceáin talmhaíochta

Beacha i mbaol de bharr lotnaidicídí - taighde Eorpach (Pic: Getty)
Beacha i mbaol de bharr lotnaidicídí - taighde Eorpach (Pic: Getty)

Léirsigh beachairí taobh amuigh den Roinn Talmhaíochta i mBaile Átha Cliath inniu mar chuid dá bhfeachtas in aghaidh lotnaidicídí - ceimiceáin talmhaíochta - atá díobhálach do bheacha. 

Chruinnigh tuairim is leathchéad ionadaí ó Chónaidhm Beachairí na hÉireann taobh amuigh d'oifigí na Roinne ag am lóin agus iad ag achainí ar an Rialtas beartais a thabhairt isteach le beacha a chosaint.  

Bhain an slógadh le hagóidí a bhí ag beachairí taobh amuigh de Ranna Tamhlaíochta ar fud na hEorpa inniu agus iad ag éileamh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a chur i bhfeidhm a chuirfeadh srianta ar lotnaidicídí áirithe.

Tá an Coimisiún le vóta a chaitheamh coicís ó amárach ar mholadh a chuirfeadh srianta ar na lotnaidicídí seo.

Má ghlactar leis, bheadh diansrianta ar an lotnaidicíd Fipronil. Tá síolta a bhfuil Firpronil iontu ag cur beacha i mbaol, de réir taighde ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia.

Tá achainí idirnáisiúnta le srianta a chur lotnaidicídí sínithe ag os cionn 235,000 duine agus thug beachairí na tíre seo cóip di ar láimh d'oifigigh na Roinne Talmhaíochta inniu.

An beachaire Micheál Ó Braonáin ag an agóid inniu

Bhí an beachaire i Sligeach Micheál Ó Braonáin i láthair ag an agóid i mBaile Átha Cliath inniu.

"Tá daoine tagtha anseo ó chuile chearn den tír le brú a chur ar an Rialtas cosaint a thabhairt do bheacha na tíre. Mura gcuirfear srianta ar fheirmeoirí úsáid a bhaint as lotnaidicídí díobhálacha, d'fhéadfadh go mbeadh scrios iomlán déanta ar fhásra na tíre amach anseo."

Tuilleadh faoin mbaol do bheacha anseo.