Dúradh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu go bhfuarthas corp Ana Kriégel i seomra dorcha i dteach tréigthe agus iallach ar a muineál.

Dúirt duine de na Gardaí a tháinig ar an gcorp go raibh méaracha Ana faoin iallach - téip a bhíonn ag tógálaithe - amhail is go raibh sí ag iarraidh an ceangal a scaoileadh uaithi. 

Tá beirt bhuachaillí cheithre bliana déag d'aois ag pleadáil neamhchiontach i ndúnmharú an chailín scoile Ana Kriégel i dteach feirme tréigthe i bPáric San Caitríona i Leamhcán ar 14 Bealtaine 2018 agus tá duine acu ag pléadáil neamhchiontach freisin in ionsaí gnéis a dhéanamh uirthi.  Fuarthas corp Ana sa teach trí lá ina dhiaidh sin.

Sa chúirt inniu, dúirt an Sáirsint Declan Burchill go raibh sé i gceannas ar an gcuardach ar Ana Kriégel ar 17 Bealtaine agus go raibh na Gardaí ag díriú ar thithe feirme tréigthe ar imeall Pháirc San Caitríona. 

Bhí cúldoras ceann de na tithe seo ar oscailt, a dúirt sé. Bhí drochbhail air, bhí an díon tite isteach in áiteanna, agus an chuma air gur lasadh tinte ann.

Ba é an Garda Séan White a tháinig ar an gcorp, a dúirt an Sáirsint Burchill, agus cheap sé ar dtús gur maincín a bhí ann.

Chuir an Garda White an Sáirsint Burchill ar an eolas faoi agus chuaigh siad beirt chomh fada leis an seomra. Seomra dorcha a bhí ann, a dúirt sé.

Dúirt an Sáirsint Burchill go bhfaca sé corp nocht - seachas péire stocaí - ar an urlár. Nuair a shiúil sé níos gaire don chorp, chonaic sé gur Ana Kriégel a bhí ann.  

Bhí a cuid gruaige smeartha ar a héadan agus bhí fuil ar a béal agus ar a srón. Dúirt sé go raibh sí ina luí ar a droim agus a héadan tarraingthe siar.

Bhí a lámh dheas sínte amach aici agus méaracha a láimhe clé faoin iallach ar a muineál, amhail is go raibh sí ag streachailt leis an gceangal agus ag iarradh é a scaoileadh uaithi, a dúirt sé. 

Taispeáineadh grianghraif den láthair don ghiúiré inniu freisin. Bhí húdaí dubh le feiceáil ar an urlár, chomh maith le bríste gearr dubh agus bútaisí dubha. Bhí rianta fola ar bhloc coincréite, ar phíosa adhmaid agus ar chuid de bhallaí an tseomra, a dúradh.

Dúirt bleachtaire ó aonad balaistíochta na nGardaí Séamus O'Donnell leis an ngiúiré gur bhain sé samplaí fola de chorp Ana Kriégel agus den seomra fhéin.

Dúirt sé go raibh go leor téipe ar chorp Ana agus go raibh a corp gearrtha agus scríoba uirthi. Dúirt sé go raibh marc suntasach ar an taobh clé dá héadan agus damáiste déanta do chúl a cinn.