skip to main content

Gan aon smacht ag daoine ar asma

470,000 duine ag fulaingt le hasma in Éirinn
470,000 duine ag fulaingt le hasma in Éirinn

Léiríonn staidéar nua atá foilsithe ag Cumann Asma na hÉireann nach bhfuil aon smacht ag formhór na ndaoine a bhfuil an plúchadh - nó asma - ag dul dóibh ar an tinneas. 

Tá an Cumann ag iarraidh go leanfadh gach duine a bhfuil asma ag dul dóibh na treoracha atá éisithe le dul i ngleic le taomanna plúchta.

Léiríonn an taighde freisin go bhfuil an líon daoine a bhasaíonn mar gheall ar asma ag dul i méid.

Áirítear go bhfuil 470,000 duine ag fulaingt le hasma in Éirinn.