Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil aifeála air gur labhair sé go trodach roimhe seo faoin imní a bhí léirithe ag dochtúirí maidir le seirbhísí marbhlainne in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge.
Dúirt an Taoiseach inniu gur thacaigh sé i gcónaí le daoine a bhí sásta a n-imní a chur in iúl don bhainistíocht san ospidéal, agus dar leis gurb é an rud ceart le déanamh é.
Dúirt sé freisin go raibh cuntais éagsúla ar an scéal ann agus nach raibh aon chúis aige na cuntais seo a cheistiú ná a bhréagnú.
Tá sé tagtha chun solais gur cuireadh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an eolas i mí Iúil seo caite faoin drochbhail a bhí ar an marbhlann i bPort Láirge.
Ag an am, chuir feidhmeannach sinsearach ó Ghrúpa Ospidéal an Deiscirt-an Iardheiscirt in iúl d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh déistin air faoi na droch-choinníollacha sa mharbhlann.
Bhí cuairt tugtha ag an Dr Gerard O'Callaghan ar an marbhlann ar iarratas ón mbainistíocht. Chuir sé in iúl dóibh an lá dar gcionn gur léir go raibh baol ionfhabhtaithe chomh maith le fadhbanna sláinte agus sábhailteachta sa mharbhlann, agus nach raibh sí feiliúnach níos mó do ghaolta na marbh.
Dúirt sé leis an mbainistíocht go raibh sé ríthábhachtach marbhlann nua a thógáil.
Agus dheimhnigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu freisin go bhfuil dhá ghearán déanta ag dhá theaghlach éagsúla faoin marbhlann. Dúradh go bhfuil an Fheidhmeannacht ag labhairt leis na teaghlaigh seo faoina ngearáin faoi láthair.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite chomh maith go ndearna ceathrar dochtúirí gearán faoin marbhlann i litir a chuir siadsan chuig Grúpa Ospidéal an Deiscirt-an Iardheiscirt i mí Dheireadh Fómhair seo caite.
Dúirt na dochtúirí sin go raibh easpa áiseanna sa mharbhlann ag goilliúnt go mór ar ghaolta na marbh agus go raibh cúrsaí chomh dona ansin go bhfágtar corpáin ar thralaithe agus go minic go mbíonn sreabhán ag teacht astu agus ag sileadh ar an urlár.
Dúirt Teachta Dála Shinn Féin i bPort Láirge David Cullinane inniu gur chóir fiosrúchán neamhspleách a bhunú faoin scéal agus bainisteoirí an ospidéil a thabhairt os comhair choiste Oireachtais le míniú a thabhairt air.
David Cullinane TD
I ráiteas ón nGrúpa Ospidéal an tseachtain seo, áfach, dúradh nach raibh aon fhianaise acusan go raibh líomhaintí na ndochtúirí fíor.
Agus é ar cuairt ar an ospidéal Dé Máirt seo caite, dúirt an Taoiseach gurbh ait an scéal é.
Ag labhairt dó inniu faoin scéal, dúirt sé nach bhfuil an mharbhlann feiliúnach agus go gcuirfear tús leis an bpróiseas tairsceana le marbhlann nua a thógáil i mbliana.