skip to main content

Fainic curtha ar Roinn Oideachais faoi shiollabas nua Gaeilge

Seomra ranga i nGaelcholáiste Reachrann
Seomra ranga i nGaelcholáiste Reachrann

Bheadh an baol ann nach mbeadh rath ar an siollabas nua Gaeilge don Ardteistiméireacht atá á dhréachtú ag an Roinn Oideachais dá gcuirfí iallach ar dhaltaí in iarbhunscoileanna Gaeilge agus Gaeltachta tabhairt faoi, dar le hoideachasóir Gaeilge.

Bheadh an siollabas nua seo níos dúshlánaí ná an ceann atá faoi láthair ann. Tá sé ráite i roinnt saothar taighde nach bhfuil an siollabas reatha ag freastal mar is ceart ar riachtanais acadúla daltaí a bhfuil ardchumas Gaeilge acu.

Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ/TG4, áfach, dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go mbeadh an baol ann go n-imeodh daltaí as iarbhunscoileanna Gaeilge tar éis dóibh an Teastas Sóisearach a dhéanamh mura mbeadh de rogha acu ach tabhairt faoin siollabas nua dúshlánach seo. 

Dúirt an tOllamh Ó Duibhir go bhfuil daltaí "thar a bheith straitéiseach" faoi na hábhair a roghnaíonn siad don Ardteist. Dúirt sé go roghnaíonn siad na hábhair a ghnóthaíonn na pointí is airde dóibh agus go dtuigeann siad nach bhfuil aon chiall le cúrsa atá níos deacra agus níos dúshlánaí a roghnú thar chúrsa atá níos éasca.

Mhaígh sé freisin go mbeadh an baol ann go dtarraingeodh iarbhunscoileanna sa Ghaeltacht amach as an Scéim Aitheantais mar Scoileanna Gaeltachta dá gcuirfí brú orthu glacadh leis an siollabas nua. 

Dúirt sé go gcaithfeadh an Roinn Oideachais teacht ar bhealach éigin chun luach saothair a thabhairt do dhaltaí le hiad a mhealladh chun dul i ngleic leis an siollabas nua - pointí bónais mar shampla.

Tá imní ollmhór ar phríomhoidí in iarbhunscoileanna áirithe faoin scéal chomh maith.

Ag labhairt di le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt Máire Ní Ghealbháin, príomhoide Ghaelcholáiste Reachrann i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, go bhfuil fadhbanna ollmhóra ag baint leis an siollabas nua atá á dhréachtú agus go gcaithfear athshamhlú ó bhonn a dhéanamh air.  

"Bheadh daltaí craiceáilte tabhairt faoi chúrsaí atá níos dúshlánaí agus níos deacra nuair a d'fhéadfaí níos mó marcanna a shaothrú leis an siollabas atá ann anois".

 Máire Ní Ghealbháin

Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais an dréachtsiollabas nua don Ghaeilge a chur ar fáil roimh dheireadh na bliana seo agus go gcuirfí i bhfeidhm é tar éis tréimhse chomhairliúcháin.

De réir an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, bheadh dualgas ar gach iarbhunscoil Ghaeltachta an siollabas nua a chur ar fáil, ach ní fios fós an mbeadh iachall ar dhaltaí tabhairt faoi.

'Silim go gcaithfear athshamhlú ó bhonn a dhéanamh ar shiollabas na Gaeilge don ardteistiméirecht.  Bheadh daltaí craiceáilte tabhairt faoi chúrsaí atá níos dúshlánaí agus níos deacra nuair a d'fhéadfaí níos mó marcanna a shaothrú leis an siollabas atá ann anois.