Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, dúradh go raibh an cailín scoile Anastasia Kriégel a dúnmharaíodh i mí Bealtaine anuraidh básaithe 45 nóiméad tar éis di a teach cónaithe.
Tá beirt bhuachaillí ceithre bliana déag d'aois ar a dtriail faoi Ana a dhúnmharú i Leamhcán i mBaile Átha Cliath.
Tá an bheirt ag pleadáil neamhchiontach sa dúnmharú agus tá duine acu ag pléadáil neamhchiontach freisin in ionsaí gnéis a dhéanamh uirthi.
Fuarthas corp nocht Ana Kriégel, a bhí ceithre bliana déag, i dteach feirme tréigthe i bPáirc San Caitríona i Leamhcán ar 17 Bealtaine 2018. Bhí sí ar iarraidh ar feadh trí lá roimhe sin.
Ina ráiteas oscailte leis an ngiúiré sa chúirt inniu, dúirt abhcóide an Stáit Brendan Grehan go raibh iallach ar a muineál - téip a bhíonn ag tógálaithe - agus gur bhain gortuithe dá ceann, dá muineál agus dá faighean. Dheimhnigh an Paiteolaí Stáit an Dr Marie Cassidy, a dúirt sé, go ndearnadh ionsaí brúidiúil ar Ana sa seomra ina bhfuarthas a corp.
Dúirt Brendan Grehan gur bhuail Buachaill B síos chuig teach Ana tráthnóna Dé Luain 14 Bealtaine 2018 agus go ndúirt sé léi go raibh Buachaill A ag iarraidh bualadh léi sa pháirc.
Chonacthas Buachaill A go luath ina dhiaidh sin agus fuil ar a aghaidh agus ar a cuid éadaigh, a dúradh. Dúradh freisin gur chum sé scéal faoi bheirt fhear níos sine a mhaigh sé a d'ionsaigh é. Dúirt an t-abhcóide gur tháinig an fhuil i ndáiríre ón ionsaí a bhí déanta aige díreach roimhe sin ar Ana.
Dúirt Brendan Grehan freisin go bhfuil fianaise láidir fhóiréinseach ag an ionchúiseamh in aghaidh Bhuachaill A, fianaise DNA san áireamh.
Maidir le Buachaill B, dúirt an t-abhcóide go gcreideann an t-ionchúiseamh gur chuidigh sé le Buachaill A an cailín a dhúnmharú agus go raibh a fhios aige roimh ré céard a bhí chun tarlú.
Dúirt sé go bhfaca Buachaill B an t-ionsaí gnéis agus an dúnmharú agus go raibh sé páirteach i gceilt na fírinne ina dhiaidh sin.
Níl cead na buachaillí a ainmniú mar gheall gur mionaoisigh iad.
Dúirt Brendan Grehan leis an ngiúiré go raibh blianta na ndéaga deacair ar Ana, go ndearnadh bulaíocht uirthi agus go raibh deacrachtaí aici socrú sa scoil. Bhí sí ag iarraidh cairde a dhéanamh ach bhí sí goilliúnach agus b'fhurasta do dhaoine teacht i dtír uirthi, a dúirt sé.
Dúirt a máthair Geraldine Kriégel sa chúirt tráthnóna go ndearnadh bulaíocht go rialta ar Ana ar líne. Dúirt sí gur chuir daltaí níos sine teachtaireachtaí gáirsiúla chuici ar an meán sóisialta Snapchat. Dúirt sí freisin gur ionsaíodh Ana agus í ag siúl abhaile tráthnóna amháin.
Dúírt a máthair gur uchtaíodh Ana as an Rúis in 2006 nuair a bhí sí dhá bhliain go leith agus gur bhreá léi damhsa, ceol agus snámh ach go raibh deacrachtaí aici lena héisteacht agus nach raibh radharc na súl go maith aici agus go raibh deacrachtaí foghlama aici freisin.
Dúirt Brendan Grehan chomh maith go bhfuil an bheirt bhuachaillí á gcur ar a dtriail ar nós mar a bheadh daoine fásta ach nár mhór don ghiúire cur san áireamh fós gur páistí iad.
Meastar go dtabharfaidh beagnach 150 duine fianaise le linn na trialach a mhairfeas sé seachtaine.