Tá glactha ag Independent News & Media (INM) ar leo an Irish Independent, an Sunday Independent agus an Herald leis an tairiscint atá déanta ag an ngrúpa ón mBeilg Mediahuis leis an gcomhlacht a cheannach ar €145.6 milliún.
Dúirt INM go mbeidh na scairshealbhóirí i dteideal 10.5% in aghaidh gach scair atá acu a fháil in airgead tirim.
Dúirt cathaoirleach feidhmiúcháin INM Murdoch MacLennan ag cruinniú cinn bhliana an chomhlachta go leanfaidh siad orthu ag feidhmiú mar is gnách idir an dá linn.