Tá na ráitis oscailte á ndéanamh os comhair an ghiúiré i dtriail bheirt bhuachaillí ceithre bliana déag faoin gcailín scoile Anastasia Kriégel a dhúnmharú i Leamhcán i mBaile Átha Cliath beagnach bliain ó shin.
Tá an bheirt ag pleadáil neamhchiontach sa chailín a dhúnmharú agus tá duine acu ag pléadáil neamhchiontach freisin in ionsaí gnéis a dhéanamh uirthi.
Meastar go dtabharfaidh beagnach 150 duine fianaise le linn na trialach a mhairfeas sé seachtaine.
Níl cead na buachaillí a ainmniú mar gheall gur mionaoisigh iad.
Dúirt abhcóide an Stáit Brendan Grehan go bhfuil an bheirt á gcur ar a dtriail ar nós mar a bheadh daoine fásta ach nár mhór don ghiúire cur san áireamh fós gur páistí iad.
Fuarthas corp Ana Kriégel, a bhí ceithre bliana déag, i dteach feirme tréigthe ar Bhóthar Chluain Aodha i Leamhcán ar 17 Bealtaine 2018. Bhí sí ar iarraidh ar feadh trí lá roimhe sin.