skip to main content

Seod-phainéil ón Britannic le cur ar ceant Dé Céadaoin

Dhá phainéal ornáidithe ón long Britannic le cur ar ceant Dé Céadaoin seo chugainn
Dhá phainéal ornáidithe ón long Britannic le cur ar ceant Dé Céadaoin seo chugainn

Tá painéil ornáideacha a bhain le comhlong an Titanic le díol ar ceant an tseachtain seo chughainn. Tógadh na painéil ornáideach as an long an Britannic le linn an Chéad Chogadh Domhanda chun go bhféadfaí í a usáid mar ospidéal do shaighduirí.

Ba le seans a fuair fear ó Bhaile Átha Cliath amach an stair a bhain leis na painéil a bhí ina theach aige i gCo. Laoise. Bhí an Britannic ar cheann dos na h-árthaigh ba bhréatha a tógadh i gclós Harland an Wolf i mBéal Feirste.

I1914 a seoladh an Britannic. Taréís an Titanic agus an Olympic bhí sí ar an árthach deirneach dá leithéíd a thóg an comhlacht White Star Line. Ach i 1915 agus an chéad Chogadh Domhanda faoi réir, baineadh an fheisteas ornáideach amach aisti agus usáideadh an Brittanic mar long ospidéal.

I 1916 áfach cuireadh an Brittanic go grinneall sa mhuir Aeigéach. Bhí na painéil a bhí inti i dteach priobhaídeach i mBaile Atha Cliath go dti le déanaí. Le seans a bhuail úinéir an tí leis an saineolaí ar na báid seo Jim McAdam. Tar éis iniúchadh a dheánamh ar cheann dos na painéíl fuaireadh amach go raibh an uimhir 433 scríte lasdiar air. B'in é uimhir clóis an Brittanic i Harland an Wolff i mBeal Feirste.

Deir Jim gurb iad na céardaithe céanna a dhein an obair ar an Titanic agus ar an Britannic agus go bhfuil luach ar leith ag baint leotha mar go dtugann siad éachtaint ar shaibhreas na h-árthaí seo istigh iontu. 

Anois tá na painéil darach agus mailpe le cur ar ceant ag Niall Mullen an tseachtain seo chughainn. Bhíodar deartha agus maisithe fé stiuir Arthur Henry Durand ar mhacsamhail na painéil a bhí sa Titanic - iad tráth i dtolglann agus i leabhlann cheann dos na h-arthaí a ba bhréatha a seoladh ó chlós cháiliúil Bhéal Feirste.

Dúirt an ceantalaí Niall Mullen go raibh ana shuim á chur sna painéil de bharr an stair a bhainean leotha. Tá treoir phraghas do ós cionn €500,000 ar na painéil agus íad le dul ar ceant De Céadaoin.