skip to main content

Cosc ar bheacha coimhthíocha á éileamh

Cosc ar bheacha coimhthíocha á éileamh
Cosc ar bheacha coimhthíocha á éileamh

Tá póranna de bheacha coimhthíocha atáthar a thabhairt isteach go hÉirinn, chomh maith le póranna measctha agus galair éagsúla, ag déanamh dochair as cuimse don bheach mheala dhúchasach Éireannach.

Tá Cumann Beachairí Chonamara ag iarraidh go gcuirfeadh an Roinn Talmhaíochta agus Bia cosc ar iompórtáil póranna coimhthíocha i bhfianaise na géarchéime seo.

Tá Paddy Finnerty i gCamas i gCo na Gaillimhe ag beachaireacht le 30 bliain. Ach ó tháinig borradh ar an chineál seo feirmeoireachta in Éirinn le deich mbliana, deir sé go bhfuil póranna coimhthíocha agus measctha ag déanamh dochair don bheach mheala dhúchasach.

Dubh atá an bheach dhúchasach, murab ionann agus an bheach choimhthíoch is coitianta - an Buckfast - a bhfuil bandaí buí uirthi. 

Deir Paddy go bhfuil an bheach bhuí an-fheargach agus gur nós leis an tsaithe ruathar a thabhairt ar an bheachaire nuair a osclaíonn sé an choirceog. "Níl sé neamhchoitianta go gcuirfeadh sí cealg ionat" a deir sé, "ach tá an bheach Éireannach an-chiúin agus oireann an aeráid fhliuch seo in iarthar tíre di."

Ach tá sé tugtha faoi deara ag Paddy go bhfuil banríona dúchasacha anois ag meascadh le ladrainn as póranna coimhthíocha agus go bhfuil an bhanríon ansin ag táirgeadh saithe an-fheargach. Chomh maith leis sin, tá an meascán póranna ag lagú mhianach an phóir Éireannaigh, dar leis.

Paddy Finnerty

Tá Cumann Beacha Dúchasacha na hÉireann ag iarraidh go gcuirfeadh an Roinn Talmhaíochta agus Bia cosc ar iomportáil póranna coimhthíocha, cuid acu atá daoine a ordú ar an idirlíon.

Dúirt Jill Uí Dhuinn Bhig ón Chumann go gcaithfear oideachas a chur ar bheachairí faoin tairbhe a bhainfeadh leis an phór dúchasach a chaomhnú. 

Chomh maith leis an chosc sin, is mian le Cumann Beachairí Chonamara go rachadh an Roinn céim níos faide agus go gcuirfí cosc ar úsáid póranna neamhdhúchasacha taobh thiar den Choirib ar mhaithe leis an bheach dhubh Éireannach a chaomhnú.

Chuir toscaireacht ó Chumann Beachairí na Gaillimhe a gcuid moltaí faoin chosc faoi bhráid na Roinne Talmhaíochta agus Bia le gairid, ach níl cinneadh déanta ag an Roinn go fóill.