Tá an obair atá ar bun ag an gCoimisiún Fiosrúcháin faoi Árais Mháithreacha agus Naíonán tar éis aird a tharraingt ar na socruithe adhlactha a bhí sa tír seo i gcaitheamh na n-aoiseanna.
Bhí socruithe faoi leith ann i dtaobh adhlacadh leanaí a bhásaigh ach nach raibh baiste.
I gConamara, tá coiste pobail tar éis athchóiriú a dhéanamh ar cheann de na reiligí seo agus beidh searmanas ar bun anocht i gcuimhne na leanaí atá curtha inti.
Meastar go bhfuil Dumhach na Leanbh ar aghaidh na farraige in Indreabhán ann le cúpla céad bliain agus go bhfuil leanaí agus roinnt daoine fásta curtha ann ó aimsir an Ghorta.
Níl a fhios cén méid duine a cuireadh sa reilig ach bhí daoine á gcur inti chomh deireanach leis na 1940í.
Rinneadh athchoiriú ar an reilig sna 1980í agus arís i mbliana le cabhair ó mhuintir na háite, Údáras na Gaeltachta agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.