Tá an tUachtarán Michael D Higgins tar éis bean chumasach, dhíograsach a thabhairt ar Lyra McKee, an t-iriseoir 29 bliain d’aois a maraíodh le linn círéibe aréir i nDoire.

Dúirt an tUachtarán go bhfuil an scéal tar éis stangadh a bhaint as daoine agus go bhfuil fearg freisin ar an bpobal.

Chásaigh sé féin agus a bhean chéile Sabina a bás lena muintir, lena cairde agus le gach a raibh aithne acu uirthi.

I mBéal Feirste tráthnóna shínigh an bheirt acu leabhar comhbhróin in ómós di.

Tá an Taoiseach Leo Varadkar freisin tar éis a bás a chásamh lena cairde, lena páirtí Sara agus lena muintir.

Ag Tithe an Rialtais ar ball beag dúirt sé gur iriseoir agus gníomhaí a bhí inti a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine, a d’athraigh saol daoine nuair a bhí sí ina beatha agus a athróidh saol daoine chomh maith lena bás.

Tá Ceardchumann an NUJ tar éis í a mholadh go h-ard agus é meabhraithe acu do dhaoine gur h-ainmníodh í i 2016 i measc Liosta an irisleabhair Forbes, 30 Under 30.