skip to main content

D'fhág 2,830 dochtúir a gcuid oibre idir 2015 agus 2017

D'fhág 2,830 dochtúir a gcuid oibre idir 2015 agus 2017
D'fhág 2,830 dochtúir a gcuid oibre idir 2015 agus 2017

Léiríonn figiúirí úra ón Chomhairle Leighis gur fhág 2,830 dochtúir a gcuid oibre sa tír seo idir na blianta 2015 agus 2017. Tá faisnéis faoi 1,846 acu sin curtha i dtoll a chéile agus foilsithe inniu ag an gComhairle.

Bhí 53% den 1,846 faoi bhun 35 bliain d'aois agus ag beartú oibriú san earnáil leighis i dtíortha eile.

Trí chéile, dúirt 83% de na dochtúirí i ngach aoisghrúpa go raibh siad chun dul ag obair thar lear - 37% go dtí an Bhreatain, 19% chun na hAstráile agus 27% chuig tíortha eile.

Dochtúirí le speisialtacht ab ea 25% den 1,846 a d'fhág a gcuid oibre in Éirinn. 

Deir an Chomhairle Leighis gur mór an dúshlán é dochtúirí a earcú agus a choinneáil sa tír seo.

Na príomhchúiseanna leis seo, a deir siad, is ea: easpa measa ó chomhghleacaithe sinsearacha san ionad oibre; an brú a bhaineann le heaspa foirne; easpa tacaíochta ón fhostóir; easpa deiseanna traenála agus an brú a chuirtear ar dhochtúirí obair nach dtagann lena scileanna a dhéanamh.

Deir an Chomhairle Leighis freisin gur údar imní eile fós atá sna figiúirí is deireanaí mar go léiríonn siad gur i dtíortha eile a fuair an chuid is mó de na dochtúirí atá cláraithe den chéad uair sa tír seo a gcuid oideachais.

Tá an tír seo ag brath barraíocht ar dhochtúirí ón iasacht, a deir siad.