skip to main content

Julian Assange curtha siar faoi choinneáil i gcúirt i Londain

Julian Assange gafa i Londain inniu
Julian Assange gafa i Londain inniu

Gabhadh Julian Assange, duine de bhunaitheoirí na heagraíochta Wikileaks, in Ambasáid Eacuadór i Londain inniu. Foilsítear eolas rúnda - faisnéis Stáit go minic - ar shuíomh idirlín Wikileaks.

Tá seacht mbliana caite ag Julian Assange faoi dhídean na hambasáide le nach n-eiseachdfaí é go dtí an tSualainn mar a bhfuil ionsaí gnéis curtha ina leith.

I ráiteas a rinne Rialtas Eacuadór, dúradh gur baineadh a stádas dídíne de mar gheall go bhfuil sé ag sárú "coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus prótacail laethúla" as éadan.

Tugadh os comhair cúirte i Londain tráthnóna é mar ar ciontaíodh é ina choinníollacha bannaí a shárú in 2012. Cuireadh siar faoi choinneáil é agus gearrfar pianbhreith air amach anseo.

Tá sé le tabhairt os comhair cúirte arís ag tús na míosa seo chugainn faoi iarratas atá déanta ag Stáit Aontaithe Mheiriceá go n-eiseachadfaí chun na tíre sin é.