skip to main content

Imní faoi "chistí cuaiche" sa mhargadh tithíochta

Chaith infheisteoirí corparáideacha breis agus míle milliún euro ar scéimeanna aonad cónaithe anuraidh, de réir taighde úr atá déanta ag na gníomhairí eastáit Savills. 

Is ionann é seo agus aon trian den infheistíocht iomlán a rinneadh san earnáil tithíochta sa tír seo anuraidh, agus tá imní léirithe anois go bhfuil infheisteoirí corparáideacha ag brú teaghlaigh as an margadh.

Maítear sa taighde gur cheannaigh corparáidí móra cuig oiread níos mó tithe anuraidh ná sa bhliain 2017.  Beagnach 3,000 aonad ar fad a cheannaigh corparáidí móra anuraidh. 

Tugtar "cistí cuaiche" ar na hinfheisteoirí seo mar go gceannaíonn siad aonaid, den chuid is mó, sula mbíonn deis ag teaghlaigh iad a cheannach. 

Deir an tOllamh le Polasaí Sóisialta i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath Tony Fahey go bhfuil an brabús atá le fáil ó thithíocht anois níos airde ná aon earnáil eile sa gheilleagar. 

"Tá infheisteoirí ag dul thart ag lorg aon rud a bhféadfadh siad brabús a dhéanamh as, agus go hidirnáisiúnta is é an rud is mó gur féidir brabús rialta a dhéanamh as ná tithíocht, go háirithe sna cathracha móra."

Gan rialáil shásúil beidh praghsanna níos airde mar thoradh ar an mhéadú atá ag teacht ar líon na gcomhlachtaí atá ag infheistiú ar feadh tréimhsí gairide san earnáil chíosa, a deir Sinn Féin.

Deir Comhaontas Glas go gcaithfidh an Rialtas cosc a chur ar "chistí cuaiche."

Tá baol ann go gcuirfidh arduithe neamh-inbhuanaithe ar chíosanna isteach ar chumas na tíre seo infheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh, a deir Fianna Fáil.

Tá an iomarca airgid ar fáil do thithíocht ach níl sé ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh a dtithe féin a cheannach, a deir an tOllamh Fahey.

"Tá sé ar fáil d'infheisteoirí agus caithfidh muid an scála a iompú siar ar ais go dtí na daoine atá ag iarraidh tithe a cheannach le cónaí iontu iad féin, seachas le cur amach ar cíos."