Dúirt príomheadránaí an Aontais Eorpaigh maidir le himeacht na Breataine as an Aontas Michel Barnier go seasfaidh an tAontas go huile agus go hiomlán leis an tír seo is cuma cén toradh a bheas ar an bpróiseas ar fad.
Bhí Michel Barnier ag labhairt i mBaile Átha Cliath áit a raibh cruinniú aige leis an Taoiseach Leo Varadkar.
Dúirt sé freisin gurb é an cúlstad an t-aon réiteach ar cheist na teorann in Éirinn.
Is ar an gCéadaoin a shocrós cruinniú mullaigh sa Bhruiséil an gceadófar síneadh ama d'aistarraingt na Breataine.
Dúirt an Taoiseach go mbeadh seisean i bhfabhar an dara síneadh ama a thabhairt don Bhreatain fad is léireodh Príomh-Aire na tíre Theresa May go bhfuil plean soiléir aici seachas a bheith ag iarraidh an comhaontú aistarraingthe a oscailt an athuair.
Amárach, rachaidh Theresa May go Beirlín agus go Páras le haghaidh cainteanna le Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel agus le hUachtarán na Fraince Emmanuel Macron.
Dúirt an Coimisinéir Eorpach ar chúrsaí talmhaíochta Phil Hogan nach mbeadh ciall ar bith ag baint leis an mBreatain ag imeacht gan mhargadh. Dúirt sé gur chreid sé go mbeadh ciall ag gach taobh sa deireadh.
Tá cainteanna ar siúl i Londain inniu freisin idir an Páirtí Coimeádach agus Páirtí an Lucht Oibre féachaint le teacht ar chomhréiteach.
Tá gach duine ag súil go mbeidh toradh ar na cainteanna sin le cur faoi bhráid na gceannairí ag an gcruinniú mullaigh Dé Céadaoin.