skip to main content

Ní "ceart absalóideach" é an síneadh fada

Ciarán Ó Cofaigh
Ciarán Ó Cofaigh

Rialaigh an Coimisinéir Cosanta Sonraí nach bhfuil "ceart absalóideach" ag daoine go gcuirfí an síneadh fada ar a n-ainmneacha. Baineann an rialú le cás a thug an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh a dúirt gur mór an náire an rialú.

Ghearáin Ciarán Ó Cofaigh gur sáraíodh a chearta nuair a fágadh na síntí fada ar a ainm ar lár agus cóir leighis á cur air in Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Gaillimh. Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis nach nglacfadh córas ríomhaireachta an ospidéil le síntí fada. 

Sa rialú a rinne an Coimisinéir, dúradh nach bhfuil "ceart absalóideach" ag saoránaigh go gcuirfí an síneadh fada ar a n-ainmneacha agus go gcaithfí gach cás a mheas de réir na gcúinsí ar leith a bhain le hábhar. 

Rinne an Cofach gearán leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí ar an mbonn go raibh an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí á shárú ag comhlachtaí poiblí agus príobháideacha faoin síneadh fada a fhágáil ar lár.

Dúirt sé go bhfuil sé ag lorg comhairle dlí maidir le hachomharc a dhéanamh in aghaidh rialú an Choimisinéara.