Chinn coiste cróinéara gur foláireamh teileafóin a ndearnadh praiseach de ba chúis le bás 21 duine a maraíodh i mbuamálacha an IRA i mBirmingham beagnach 45 bliain ó shin. É sin, a dúradh, nó an foláireamh lochtach úd a chuir lena mbás.
Maraíodh 21 duine agus gortaíodh 220 eile nuair a phléasc buamaí in dhá theach tábhairne i mBirmingham i i mí na Samhna 1974.
Chinn an giúiré ag an gcoiste cróinéara a shuigh ar feadh sé seachtaine gurb é an foláireamh teileafóin lochtach ba chúis leis an moill a bhí ar na póilíní daoine a thabhairt amach as na háiteanna inar phléasc na buamaí.
Chinn siad freisin nach raibh aon locht ar na póilíní agus nach raibh aon eolas faighte acu faoi na buamaí roimh ré.
Rialaigh siad gur maraíodh na híospartaigh go mídhleathach.