Tá déagóir ó Chorca Dhuibhne i gCo Chiarraí cáilithe do chomórtas ceannais faisin Junk Couture, comórtas atá dírithe ar chulaith a chruthú as ábhar athchúrsáilte agus bruscar.
Thairg Maxim Ó Súilleabháin inspioráid ó phictiúrlann a mhuintire sa Daingean chun culaith neamhghnách a chruthú as fístéip, DVDanna, spóil scannán agus ábhar eile a bhí le fáil inti.

"Fuaireas gach rud a fheiceann tú sa phictiúrlann. Dheineas fístéip a chniotáil mar crochet chun an bhunchulaith a dhéanamh agus chuir rudaí cosúil leis na DVDs agus na spóil scannáin dath an airgid ar an gculaith."
Osclaíodh an chéad phictiúrlann sa Daingean i 1918. Cé gur dúnadh í cúpla uair ó shin, tá pictiúrlann an Phoenix fós suite ar an láthair chéanna inniu. Go deimhin, tá sí ar cheann de na pictiúrlanna neamhspleácha deiridh atá fágtha in Éirinn.
Deir Maxim gur chaith sé na céadta uair an chloig ag obair ar an gculaith ach go bhfuil sé an-sásta gur thug gnó a mhuintire, pictiúrlann an Phoenix, an inspioráid dó.

"Bhí m’athair críonna Michael Francie an-bhródúil as an áit seo. Tá an phictiúrlann á rith anois ag m’athair, m’aintín agus m’uncail, agus tá siad san an-bhródúil as an méid atá déanta agam leis an gculaith."
Beidh Maxim i measc 85 iomaitheoir a bheidh le feiscint ar stáitse an 3Arena i mBaile Átha Cliath agus iad ag dul faoi bhráid moltóirí i gcomórtas ceannais Junk Couture ar 2 Bealtaine.