Tá an pobal i nGlinsce in oirthear na Gaillimhe tar éis teacht i gcabhair ar lánúin ón Fhrainc ar dódh a dteach go talamh roinnt seachtainí ó shin.

Inniu, bhog Melanie agus Jeremy Zanni isteach sa teach arís tar éis dó a bheith tógtha as an nua le cabhair ó chomharsana agus ó cheardaithe a rinne an obair saor in aisce.

Ar 2 Márta, níos lú ná cúig seachtaine ó shin, chuaigh an simléar sa teach ceann tuí i bhFeartain in aice le Glinsce trí thine.

Dódh an teach go talamh agus ó tharla nach raibh sé ar acmhainn Jeremy Zanni agus a chéile Melanie díol as árachas tí ar theach ceann tuí a bhí 300 bliain d’aois, ba chosúil go raibh deireadh caillte acu.

Ach le cuidiú na meithle a thug an Teachta Dála áitiúil Michael Fitzmaurice le chéile, bhailigh na comharsana thart ar an lánúin agus ar a mac naoi mbliana d'aois, Fionn.

B’éigean na ballóga a leagan, dúshraith úr a chur síos agus teach iomlán a thógáil.

Chuir 20 soláthróir earraí tógála an t-ábhar ar fáil saor in aisce nó ar lascaine. D'oibrigh saoir adhmaid agus cloiche agus ceardaithe eile - 49 fear san iomlán - go deonach ó mhaidin go hoíche ar feadh na gceithre seachtaine le go bhféadfadh an lánúin Fhrancach cónaí a dhéanamh ann arís.

Ar maidin inniu, 33 lá níos déanaí, chuidigh an mheitheal chéanna leis an lánúin bogadh ar ais isteach sa teach. Ceann slinne atá ar an teach anois, áfach, seachas ceann tuí.

Jeremy agus Fionn inniu

Tráthúil go leor, is "ar scáth a chéile a mhairimid" an mana atá ag pobal an cheantair, a dúirt Marty Ward as Glinsce.

"Léiríonn an obair atá déanta anseo le cúig seachtaine an tábhacht atá le comhar na gcomharsan agus gur féidir aon rud a dhéanamh ach an toil a bheith ann," a dúirt sé.

Tá Jeremy, a chuireann arán ar fáil do bhialanna aitheanta i gcathair na Gaillimhe, thar a bheith sásta a bheith ar ais sa teach a bhfuil cúig bliana déag caite aige ann.

Tá sé go mór faoi chomaoin ag a chomharsana, a dúirt sé. B'éigean dó a ghnó báicéireachta atá in aice an tí, a chur ar athló fad is bhí an obair atógála ar bun. 

Beidh toit sa simléar arís anocht agus an líon tí ar ais faoin díon amháin.