skip to main content

Éiteas scoile ina údar easaontais i bhFine Gall

Éiteas scoile ina údar easaontais i bhFine Gall (Pic: Getty)
Éiteas scoile ina údar easaontais i bhFine Gall (Pic: Getty)

Tá conspóid i bhFine Gall i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath faoi go bhfuil sé beartaithe stádas ilchreidmheach a thabhairt d'ocht scoil atá faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí.

Tá litir seolta chuig an tríú scoil sa cheantar ag cur ina luí ar thuismitheoirí gur tubaisteach an toradh a bheadh ann dá n-athrófaí éiteas na scoile.

Baineann an litir leis an deis a bheas ag na hocht scoil i bPort Mearnóg, Mullach Íde agus i gCionn Sáile go gairid vóta a chaitheamh ar éiteas na scoileanna sin.

Tugadh le fios i suirbhé a rinne an Roinn Oideachais i measc tuismitheoirí a bhfuil páistí réamhscoile acu sa chuid sin de thuaisceart Bhaile Átha Cliath go bhfuil éileamh ann do scoileanna ilchineálacha sa cheantar.

Cé nár foilsíodh torthaí an tsuirbhé, tuigtear go dteastaíonn oideachas ilchreidmheach ón gceathrú cuid de thuismitheoirí an cheantair.

I bhfianise shuirbhé na Roinne, beidh deis anois ag tuismitheoirí na n-ocht scoil i bPort Mearnóg, Mullach Íde agus Cionn Sáile vóta a chaitheamh ar éiteas na scoile. 

Ní mó ná sásta atá bainistíocht cuid de na scoileanna Caitliceacha, áfach.

I litir a seoladh chuig tuismitheoirí ó phríomhoide Scoil Náisiúnta Naomh Silbheastar i Mullach Íde, dúradh nach mbeadh ról feasta ag seantuismitheoirí i saol scoile na bpáistí dá dtiontódh sí ina scoil ilchreidmheach.

Maíodh sa litir go mbeadh cúrsaí sábháilteachta ar thurais scoile i mbaol, gurbh fhéidir go mbainfí síntiúis dheonacha den scoil agus go gcaillfí féiniúlacht na scoile. Dúradh gurbh fhéidir go dtitfeadh caighdeán oideachais na scoile chomh maith.

I litir ó Scoil an Duinnínigh i Sord, dúradh go bhfuil dlúthcheangal idir an Ghaeilge agus an creideamh Caitliceach agus gurbh fhéidir nach mbeadh cead leas a bhaint feasta as beannachtaí cosúil le "Buíochas le Dia" agus "Dia dhuit" dá gcaillfí éiteas Caitliceach na scoile. Ní raibh aon duine ón scoil sásta agallamh a dhéanamh linn faoin scéal inniu. 

Bhí cruinniú ag tuismitheoirí agus bord Scoil an Duinnínigh aréir faoin gceist. Dúirt duine de na tuismitheoirí a bhí i láthair, Seán McDonagh, go raibh formhór an dreama a bhí i láthair sásta leanacht le héiteas Caitliceach na scoile. Mhaígh sé freisin go dteastaíonn ó fhoireann na scoile leanacht leis an modh oibre atá acu faoi láthair chomh maith.  

"Dúradh go bhfuil géarghá le scoil náisiúnta eile sa cheantar agus go bhféadfaí scoil ilchreidmheach nua a bhunú ansin. Cé nach Caitliceach atá ionam, tá mo ghasúir ag freastal ar an scoil toisc gur Gaelscoil atá inti. Tá tuismitheoirí eile ag cur a gcuid gasúr chuig an scoil de bharr gur scoil Chaitliceach í. Dá mbainfí stádas Gaeilge den scoil, bheinn ar deargbhuile faoi scéal, agus braithim go gcaithfidh muid seasamh le tuismitheoirí eile sa scoil a bhfuil an mhian sin acu."

Seán McDonagh

Dúirt urlabhraí ón bpátrúnacht ilchreidmheach 'Ag Foghlaim le Chéile', áfach, go bhfuil eolas míchruinn á chraobhscaoileadh faoin eagraíocht agus go bhfuil dualgas ar cheannairí scoile a bheith níos cúramaí faoin méid a deir siad. Dúradh nach ndearna aon duine teagmháil leis an eagraíocht faoin bpróiseas dífheistithe atá ar bun i Mullach Íde agus i bPort Mearnóg ach go bhfuil fóram á lorg ag an eagraíocht ina mbeadh deis ag na páirtithe leasmhara ar fad eolas agus tuairimí a roinnt le chéile.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais linn go bhfuil treoir shoiléir leagtha amach do scoileanna maidir le múineadh reiligiún. Dúradh go gceiliúrtar imeachtaí reiligiúnda agus neamhreiligiúnda i scoileanna ilchreidmheacha agus gur minic go mbíonn siombailí reiligiúnda ó chreidimh éagsúla crochta sna scoileanna sin chomh maith.