Bhí an ghéarchéim náisiúnta tithíochta ina chuid lárnach den díospóireacht ag an gcéad chruinniú ó tháinig cúig chathair le chéile chun Cumann Comhlachais Trachtála a bhunú.
Tá na cúig chathair - Gaillimh, Corcaigh, Luimneach, Baile Átha Cliath agus Port Láirge - ag iarraidh forbairt uirbeach a chur chun cinn sna réigiúin sin faoin gCreat Náisiúnta Pleanála 2040.
Ag an gcruinniú i nGaillimh, thug an tAire Tithíochta Eoghan Murphy léirmheas ar na dúshláin roimh an Rialtas maidir le cúrsaí tithíochta.
Cuireann Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta an milleán ar an bpróiseas pleanála mar go dtógann sé i bhfad rófhada, a deir siad, cead pleanála a fháil. Deir siad go gcaithfear an próiseas a athrú ó bhonn má tá an tír ag iarraidh an ghéarchéim tithíochta a réiteach.
Tá dlús faoi fhorbairt uirbeach de réir phlean 2040 an Rialtais agus súil go mbeidh comhoibriú níos mó idir na réigiúin as seo amach.
Dúradh ag an gcruinniú inniu gurb iad na réigiúin a chuirfeas borradh faoi eacnamaíocht na tíre seo sna blianta amach romhainn agus mura gcuirfear polasaithe cearta i bhfeidhm anois go mbeidh sé deacair iad a cheartú amach anseo.