skip to main content

An gníomhaí Laura Brennan curtha in Inis, Co an Chláir

Laura Brennan
Laura Brennan

Adhlacadh in Inis, Co an Chláir, ar maidin Laura Brennan, an bhean óg 26 bliain d’aois a raibh ailse cheirbheacs uirthi agus a bhásaigh an tseachtain seo caite. 

Bhí cáil ar Laura faoin tacaíocht a thug sí d'fheachtas Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar son na vacsaíne HPV nuair a tháinig ailse uirthi féin dhá bhliain ó shin. Deir an Fheidhmeannacht gur tháinig ardú 20% ar an líon daoine a fuair an vacsaín de bharr na hachainí a rinne Laura.

I ndiaidh na sochraide ar maidin, tháinig muintir agus cairde Laura le chéile d'Aifreann cuimhneacháin. Ba é Easpag Chill Dalua an Dr Fionntán Ó Monacháin a bhí i bhfeighil an Aifrinn in Ard-Eaglais Naoimh Peadar agus Pól in Inis.

D'iarr Laura go gcuirfí í roimh an Aifreann cuimhneacháin le príobháideachas a thabhairt dá muintir.

Bhí aide de camp an Taoisigh, aide de camp an Uachtárain agus an tAire Sláinte Simon Harris i measc na gcéadta a bhí i láthair. 

Ag an Aifreann, chuir a cairde agus gaolta siombailí a bhain lena saol os comhair an phobail - geansaí peile mhná Cho an Chláir agus pictiúr dá madra Bailey ina measc.

Ina sheanmóir, rinne an príomhcheiliúraí an tAthair Pat Malone comhbhrón le hathair agus máthair Laura - Bernie agus Larry - agus lena deartháireacha Colin, Fergal agus Kevin.

Labhair sé faoin ngrá a bhí ag Laura don saol agus faoin misneach a bhí aici agus í ag cur cúrsaí sláinte chun cinn i measc mhná na tíre.  

Dúirt sé gur léirigh an obair a bhí ar bun ag Laura faoin vacsaín HPV an difríocht atá duine amháin in ann a dhéanamh sa saol seo. 

Ag deireadh an tsearmanais, dúirt duine dá deartháireacha - Fergal - go raibh éacht déanta aici mar ghníomhaí ar son na vacsaíne HPV agus go raibh an teaghlach croíbhriste ina diaidh.