Ní mórán daoine atá ag cur fhataí na laethanta seo ceal ama ach tá John Folan as Loch Conaortha in Iorras Aithneach i gConamara á gcur ó bhí sé ina bhuachaill óg.

Is é an nós a bhí in Éirinn i gcónaí iad a chur tar éis Lá Fhéile Pádraig dá mbeadh an aimsir go breá. Bhí an nós céanna ag muintir John agus ag muintir Loch Conaortha. 

Deir sé go mbíodh sé ag obair sa gharraí agus é ag fás aníos agus ag an tráth seo dá shaol go dtugann sé suaimhneas intinne dó a bheith amuigh ag obair faoin aer. 

I gceann cúpla seachtain, beidh toradh ar a chuid oibre.

"Fátaí luatha atá á gcur agam faoi láthair agus beidh díol clann suas go Nollaig ann."

Úsáideann John feamainn mar leasachán, mar a rinne na glúine roimhe. Deir John gur chuala sé caint ar fheamainn a thógáil ón trá ach deir sé gur feamainn atá tagtha i dtír a mbaintear leas aisti agus gurbh in an chaoi a raibh sé riamh.