skip to main content

Triúr déagóirí a maraíodh i dTír Eoghain adhlactha inniu

Sochraid Lauren Bullock i nDomhnach Mór, Co Thír Eoghain
Sochraid Lauren Bullock i nDomhnach Mór, Co Thír Eoghain

Adhlacadh inniu an triúr déagóirí a maraíodh sa tragóid taobh amuigh d'óstán ar an Chorr Chríochach i gCo Thír Eoghain Oíche Fhéile Pádraig.

B'in iad Morgan Barnard agus Lauren Bullock a bhí beirt seacht mbliana déag, agus Connor Currie a bhí sé bliana déag. 

Connor Currie, Lauren Bullock agus Morgan Barnard

Bhí Aifreann éagnairce Morgan Barnard ar siúl i Séipéal Naomh Pádraig i nDún Geanainn ó 10 a chlog, gar don áit a ndeachaigh sé ar scoil.

Sochraid Morgan Barnard

Dúirt an príomhcheiliúraí an tAthair Aidan McCann gur fear óg spleodrach agus fuinniúil a bhí i Morgan nach raibh drochfhocal le rá aige faoi aon duine. Bhí féith mhaith ghrinn ann agus scéilín aige do gach duine, a dúirt sé.

Luaigh sé a ghrá don Ghaeilge agus an aithne mhaith a bhí air i nGaeltacht Dhún na nGall de bharr na gcuairteanna a thug sé ar Choláiste Mhuire i Loch an Iúir. 

Dúradh go raibh a chroí sa scoil - Acadamh Naomh Pádraig - an oiread sin agus gur tugadh suaitheantas na scoile chun na huaighe leis.

Dhá mhíle go leith siar ó thuaidh i Séipéal Naomh Pádraig i nDomhnach Mór a bhí Aifreann sochraide Lauren Bullock ar siúl.

Sochraid Lauren Bullock

Dúirt an tAthair David Moore nach gcuimhneofar go caoin ar Lá Fhéile Pádraig na bliana seo sa cheantar ach, ina áit sin, ar an lá a bhfuair deifir mhór an domhain nua-aimseartha ina mairimid an lámh in uachtar ar thriúr déagóirí a bhí i mbláth na hóige agus a bhain díobh a mbeatha gan chall.

Dúirt sé go gcuimhneofar ar Lauren mar chailín gealgháireach a thug aire mhaith i gcónaí dá teaghlach agus dá cairde. Bhí sí ar maos in aislingí a saoil, í chomh sona agus a d’fhéadfadh a léithéid de chailín a bheith, go háirithe agus í ag cuidiú le daoine eile, a dúirt sé.

Dúirt sé gur bhean óg shóisialta í a bhí ag glacadh a céad cheachtanna tiomána agus a raibh post páirtaimseartha faighte aici. 

Cúpla míle eile ar shiúl in Éadan na dTorc ag 2 a chlog a thosaigh Aifreann sochraide an tríú hógánach a maraíodh sa tubaiste.

Díreach mar a dhéanfaí ar an pháirc peile, bhailigh an fhoireann áitiúil thart ar chónra a gcomrádaí, an peileadóir óg Connor Currie a bhí sé bliana déag d’aois.

Rinne Príomháidh Uile-Éireann agus Ardeaspag Ard Mhacha Éamon Martin comhbhrón le lucht an gharda ónóra a tugadh do Connor. Ag tús an Aifrinn, tugadh bróga peile, geansaí peile Éadan na dTorc agus geansaí a scoile, Acadamh Naomh Pádraig, chuig an altóir.

Comrádaithe Connor Currie ag a shocraid in Éadan na dTorc

Labhair sagart paróiste Dhún Geanainn an tAthair Kevin Donaghy ar an chur síos a rinne a thuismitheoirí ar Connor. Seoid a bhí ann, réalt ar an pháirc peile agus fear óg múinte a chuidigh lena thriúr deartháireacha óga agus lena mhuintir uile, a dúirt siad.

"Ba mhinic a ghabh sé buíochas agus é ag fágáil an tábla i ndiaidh béile, choinnigh sé a sheomra néata agus oifig bheag agus ríomhaire beag ann - comhartha go raibh sé réidh do shaol an pháipéarachais agus figiúirí. Buaiteoir a bhí ann. Ainneoin gur rugadh i gCo Ard Mhacha é, chaith sé geansaí Thír Eoghain chuig cluiche i gCorn Mhic Cionnaith le déanaí. Ach sular fhág sé an teach, thaispeáin sé geansaí Ard Mhacha i bhfolach faoi sin dá mháthair a rugadh sa chontae sin."

Maraíodh an triúr ógánach de bharr brú agus idir 350 agus 400 duine ag iarraidh dul isteach chuig cóisir a bhí ar bun in Óstán an Greenvale ar an Chorr Chríochach. 

Tá na póilíní ag leanacht lena gcuid fiosruithe faoin tragóid.