skip to main content

Córas pleanála teanga cáinte go láidir ag intleachtóir aitheanta

An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh
An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh

Tá cáineadh géar déanta ag iarchathaoirleach Údarás na Gaeltachta an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh ar an gcóras pleanála teanga.

Dúirt Gearóid Ó Tuathaigh go bhfuil sé éagórach ar fad a bheith ag iarraidh ar dhream áitiúil ar bheagán airgid agus ar bheagán achmhainní sa Ghaeltacht an Ghaeilge a shlánú.

Ba cheart an Stát a chur faoi bhrú arís mar a tharla nuair a bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a dúirt sé.

Rinne an tOllamh Ó Tuathaigh a chuid cainte ar chlár speisialta 7 lá ar TG4 aréir le comóradh á dhéanamh ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bunaíodh cothrom an ama seo leathchéad bliain ó shin agus ar gach a bhfuil bainte amach a bhuíochas di ó shin. 

Dúirt an tOllamh Ó Tuathaigh gur beag ar fad agus gur suarach go deimhin an méid atá déanta ag an Stát le teacht i gcabhair ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge.

"Tríd is tríd, in ainneonn gaiscí a rinne gluaiseachtaí ar nós Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus na heagraíochtaí a d'eascair as an ngluaiseacht sin, bhí fórsaí an Stáit agus na fórsaí seachtracha róláidir ar deireadh thiar thall le go bhféadfaí na pobail seo maireachtáil mar phobail teanga. Tá gá le bearta i bhfad níos cuimsithí."

Chaith an tOllamh Ó Tuathaigh tréimhsí san am a chuaigh thart mar chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta agus mar chathaoirleach gníomhach ar Bhord na Gaeilge. 

Is é an tÚdarás atá freagrach mar chuid den Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht as eagraíochtaí a roghnú chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna Limistéir Pleanála Teanga agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta.

Tá gá le cur chuige chomh láidir, comhtháite sin chun pobail Gaeltachta a neartú agus níl an Státchóras faoi láthair ag déanamh na hoibre sin, a dúirt an tOllamh Ó Tuathaigh.

"Is dóigh liom go gcaithfidh muid a bheith cúramach gan a bheith ag brath an iomarca ar choistí deonacha, agus sin an imní a bheadh ormsa faoi chúrsaí pleanála teangan"

Tá an teangeolaí an tOllamh Dónall Ó Baoill ar aon intinn le Gearóid Ó Tuathaigh.

"Ní dóigh liom go dtuigeann an Stát chomh cuimsitheach, leathan, deacair agus atá an obair seo, agus tá siad anois i ndiaidh í a bhrú ar phobail nach bhfuil an tacaíocht cheart acu, nach bhfuil ach fíorbheagan airgid acu. Ar deireadh thiar, is é an rud a gheobhaidh siad sin amach ná nach n-éireoidh leo an rud ollmhór seo atá le déanamh, 'sé sin pobail iomlána a thabhairt le chéile arís agus pobail chearta Gaeilge a dhéanamh astu."

Mar sin féin, deir Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta go bhfuil an t-aiseolas atá faighte ag an Údarás ón bpobal go dtí seo dearfach.

"Tá muid ag baint iarracht as rud nár traíáladh aon áit cheana sa tír seo nó go hidirnáisiúnta agus ón méid atá muid ag cloisteáil go dtí seo tá sé ag cur fuinnimh i leith na Gaeilge ins na pobail. Mar gheall go bhfuil sé ag teacht ón bpobal tá sé ag aithint na riachtanaisí éagsúla atá ann, bíodh is go mbeadh riachtanas i Leitir Mealláin ó thaobh na Gaeilge de nach mbeadh ag Eachroim taobh thoir de Ghaillimh."

I ráiteas tráthnóna, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go n-aontaíonn sé leis an Ollamh Ó Tuathaigh nár cheart go dtitfeadh an t-ualach oibre ar fad ar na coistí pleanála teanga. Ach níl aon réiteach sciobhta ann, a dúirt sé. Tá infheistíocht shuntusach á déanamh ag an Stát i naoi réimse oibre mar atá luaite sa Phlean Gníomhaíochta agus sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar mhaithe leis an teanga a thabhairt slán don chéad ghlúin eile, a dúirt sé.