skip to main content

'Seasann muid leis an bpobal Muslamach'-Jacinda Ardern

'Seasann muid leis an bpobal Muslamach'-An Príomh Aire Jacinda Ardern
'Seasann muid leis an bpobal Muslamach'-An Príomh Aire Jacinda Ardern

Dúirt Príomh Aire na Nua Shéalainne,Jacinda Ardern, go bhfuil an tír ag seasamh leis an bpobal Muslamach thall ansin i ndiaidh an tsléachta a tharla i gcathair Christchurch Dé hAoine seo caite.

Maraíodh 50 duine sna hionsaithe a rinneadh ar 2 mhosc.

Bláthanna fágtha in aice le láthair an ionsaithe i Christchurch

'Sceimhlitheoir ag cuardach airde a bhí freagrach as na hionsaithe seo' a dúirt Jacinda Ardern.

Bhí an Príomh Aire ag labhairt ag an gcéad sheisiún de Pharlaimint na Nua Shéalainne ó tharla an t-ionsaí seo.

Dúirt na húdarais nach bhfuil ach 12 den 50 duine a maraíodh ainmnithe go hoifigiúil fós.