skip to main content

Omós léirithe don iartheachta Jackie Fahey atá básaithe

Omós léirithe don iartheachta Jackie Fahey atá básaithe
Omós léirithe don iartheachta Jackie Fahey atá básaithe

Tá omós á léiriú don iartheachta dála agus an iar-Aire Stáit Jackie Fahey atá tar éis bháis.

91 bliain d'aois a bhí an fear a bhí ina theachta idir 1965-92.

Ba i gCluain Meala,Co.Thiobraid Árann i 1928 a rugadh Jackie Fahey.

Toghadh ar dtús é mar theachta do Fhianna Fáil i ndáilcheantar Thiobraid Árann Theas in olltoghchán 1965, agus idir 1977-92 bhí sé ina theachta do Phort Láirge..

Bhí sé ina Aire Stáit sa Roinn Comhshaoil 1979-81, tráth a raibh Charlie Haughey ina Thaoiseach.

Chaith sé 45 bliain freisin mar chomhairleoir contae Fhianna Fáileach ar Chomhairle Contae Phort Láirge.

'Bhí an-dúthracht le Jackie Fahey i mbun a chuid dualgais phoiblí, go háirithe ag tráthanna éagsúla a bhíodh sách corrach, callánach le linn a thréimhse polaitíochta' a dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin.