Tháinig lucht gnó ar dhá thaobh na teorann le chéile ag comhdháil san Iúr, Co an Dúin, ar maidin le plé a dhéanamh ar na socruithe taraifí a d'fhoilsigh Rialtas na Breataine inniu sa chás go n-imíonn an tír as an Aontas gan margadh. 

Dúirt Rialtas na Breataine nach ngearrfar taraifí ar earraí a thabharfar trasna na teorann as an bPoblacht go dtí an Tuaisceart ar an gcoinníoll go bhfanfaidh siad ansin agus nach seolfar ar aghaidh chun na Breataine iad. 

Agus é ag labhairt le Nuacht RTÉ/TG4 ag an gcomhdháil inniu, dúirt Micheál Breatnach ón bPointe, áit a bhfuil an dara calafort is mó sa Tuaisceart, nach bhfuil an t-infreastruchúr ar fáil sna calafoirt ó thuaidh chun a leithéid de shocrú a bhainistiú.

Tá cógaslann ag Micheál ar an mbaile agus dúirt sé go bhfuil costas cógas ag méadú ó thús na bliana.

Dúirt sé go bhfuil an éiginnteacht ina hábhar mhór imní don phobal áitiúil.

Cuir i gcás, tá cead taistil saor in aisce ag pinsinéirí ar dhá thaobh na teorann faoi láthair ach ní fíos an mbeidh an cead sin acu tar éis don Bhreatain imeacht as an Aontas, a dúirt sé.

Rannpháirtí eile sa chomhdháil is ea Tadhg Ó Maoláin as Dún Dealgan a chaith os cionn 30 bliain ina oifigeach custaim ar an teorainn agus dúirt sé linn nach bhfuil aon chiall leis na socruithe taraifí atá fógartha ag Rialtas na Breataine ar maidin.

Tadhg Ó Maoláin

Dúirt sé go bhfuil 254 bóthar ag trasnú na teorann agus go mbeadh an baol ann go mbeadh borradh faoin smuigleáil arís dá gcuirfí na táillí i bhfeidhm.

Ach dúirt Seán O'Hanlon ón Iúr - a bhfuil gnó uachtar reoite aige - gur beag duine a cheapann go n-imeoidh an Bhreatain as an Aontas Eorpach gan margadh a bheith déanta.

Ursula Ní Shabhaois

Mar sin féin, dúirt Ursula Ní Shabhaois, comhairleoir gnó san Iúr, go bhfuil imní ollmhór uirthise faoina bhfuil i ndán do phobal na teorann mar nach é leas an Tuaiscirt is mó is cás le Rialtas na Breataine.