skip to main content

Teacht aniar i mbean ghnó a bhunaigh a comhlacht féin

Sharon Keegan (ar chlé)
Sharon Keegan (ar chlé)

Lá Idirnáisiúnta na mBan

Mar is eol do chách, níl sé éasca ag mná cothromaíocht a aimsiú idir na cúraimí clainne atá orthu agus slí mhaireachtála a bhaint amach dóibh féin.

Bean amháin atá tar éis an chothromaíocht sin a aimsiú is ea Sharon Keegan - fiontraí féinfhostaithe as Baile Átha Cliath a bhfuil beirt pháistí tugtha ar an saol le trí bliana anuas, agus a bhfuil comhlacht nua bunaithe aici i gcaitheamh an ama sin.

Ní saol cothrom a bhí riamh aici, áfach. I Meán Fómhair 2015, bhí Sharon in ísle brí. Ligeadh chun bealaigh óna cuid oibre sa Bhreatain í. Bhí sí ag súil le páiste, ach bhí deacrachtaí ag baint le hiompar an linbh.

I ndiaidh dó teacht ar an saol, tháinig dúlagar ar Sharon ach shocraigh sí dul i ngleic leis.

Thosaigh sí ag dearadh luiteoga taca do mhná, cinn a bheadh feiliúnach do gach cruth agus gach meáchan. Thug sí fréamhshamhail de na luiteoga chuig spórtlanna éagsúla agus dhíol sí 225 acu leo.

Anois, tá luiteoga Peachy Lean á ndíol i 24 tír, agus tá seirbhís tacaíochta ar líne cruthaithe ag Sharon dá custaiméirí. 

Luiteoga Peachy Lean

Tá Peachy Lean á riar ag Sharon óna teach cónaithe i mBaile Bhailcín, agus cúraimí clainne agus oibre uirthi ar aon láthair amháin. 

Bhronn Comhlachas na nGnólachtaí Beaga 'Gnó Nua na Bliana' ar Peachy Lean ag ócáid i mBaile Átha Cliath aréir.

Deir Sharon gur cruthúnas é an gradam seo gur féidir cothromaíocht idir chúraimí chlainne agus cúraimí oibre a aimsiú.