Tá na sé cheanneagraíocht Gaeilge ag achainí ar bhord Fhoras na Gaeilge cur in aghaidh chinneadh fheidhmeannas an Fhorais gan tuarascáil athbhreithnithe a chur ar fáil do na heagraíochtaí sin.
Deir na heagraíochtaí go bhfuil an cinneadh ag cur na comhpháirtíochta idir na heagraíochtaí agus an Foras i mbaol.
In 2014, tugadh isteach córas nua maoinithe d'earnáil dheonach na Gaeilge. Faoin gcóras seo, bhronnfadh Foras na Gaeilge bunmhaoiniú ar shé cheanneagraíocht. Tugadh faoi athbhreithniú ar an gcóras nua anuraidh.
Ceapadh an comhairleoir pleanála teanga Colm Ó Cinnseala le tabhairt faoi, ach chuir an Foras deireadh lena chonradh an mhí seo caite de bharr, a dúirt siad 'brú ama agus ualaí oibre'.
Tá sé i gceist ag an bhForas comhlacht nua a cheapadh leis an athbhreithniú a chur i gcrích.
Ní raibh an Foras sásta cóip de dhréacht-athbhreithniú Uí Chinnseala a chur ar fáil don sé cheanneagraíocht, mar gheall nach 'cáipéis chríochnúil' a bhí ann, a dúradh.
Chuir na ceanneagraíochtaí in iúl don Fhoras, áfach, nach mbeidís sásta comhoibriú leis an bpróiseas athbhreithnithe a thuilleadh mura gcuirfí tuarascáil Uí Chinnesala ar fáil dóibh.
Bhí cruinniú ag feidhmeannaigh an Fhorais leis na ceanneagraíochtaí i mBéal Feirste inniu. Ní raibh príomhfheidhmeannach, cathaoirleach ná aon ionadaí ó bhord an Fhorais i láthair ag an gcruinniú.
Dúirt Liam Ó Maoldhia, stiúrthóir an Oireachtais, ceann de na sé eagraíocht, go ndearnadh soiléir arís ag an gcruinniú nach roinnfear an tuarascáil athbhreithnithe ar na ceanneagraíochtaí mar gur thug an Foras le fios gur cáipéis neamhchríochnaithe í.
Liam Ó Maoldhia
Dúirt Liam Ó Maoldhia go gcuireann an cinneadh seo an chomhpháirtíocht i mbaol, agus tá na heagraíochtaí anois ag achainí ar bhord Fhoras na Gaeilge cur ina aghaidh seo agus míniú éigin a thabhairt.
Beidh cruinniú eile ag ionadaithe ó na sé eagraíocht eatarthu féin faoi cheann lá nó dhó féachaint céard a dhéanfas siad anois.
Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeigle tráthnóna go seasann an ráiteas a rinne siad ar an ábhar seo cheana nach cáipéas chríochnúil í agus nach mbeifear á cur faoi bhráid na n-eagraíochtaí.