Tá cúig aighneacht déag déanta in aghaidh iarratas pleanála le méadú a chur ar mhonarcha taobh amuigh de Bhealach Féich i gCo Dhún na nGall.
Táirgíonn an comhlacht Glenmore Generation gás íseal-charbóin agus leasachán orgánach talaimh as fuíollach sicíní sa mhonarcha.
Deir daoine a rinne aighneachtaí ina choinne go mbeadh tionchar díobhálach ag an fhorbairt ar cheantar speisialta caomhnaithe agus ar iascaireacht sa cheantar, agus go mbeadh boladh bréan as.
I measc na ngearán eile atá sna haighneachtaí, tá imní faoin torann agus faoin trácht breise chomh maith.
Ar iascairí slat atá an imní is mó faoin fhorbairt mar go bhfuil an mhonarcha suite ar chnoc 500 slat os cionn Abhainn na Finne
In 2016, a bhunaigh Glenmore Generation a monarcha díleá anaerbach ag Achadh Bheithe taobh amuigh de Bhealach Féich.
Ní raibh Nuacht RTÉ/TG4 ábalta teagmháil a dhéanamh leis an chomhlacht Glenmore inniu.
Tá súil le cinneadh faoin iarrtas pleanála faoi cheann coicíse.