skip to main content

Líon tuismitheoirí aonair atá ag obair ach atá bocht ardaithe

Deirtear i dtuarascáil nua atá curtha amach ag Cumann Naomh Uinseann de Pól gur tháinig a dhá oiread ardaithe in imeacht cúig bliana ar an líon tuismitheoirí aonair atá ag obair agus atá bocht.

Tá sé ráite sa tuarascáil gur duine as gach 11 tuismitheoir aonair a raibh sé ag dul rite leo greim a choinneáil faoin bhfiacail sa bhliain 2012 agus go raibh sé sin ardaithe go dtí duine as gach cúigear arú anuraidh.

Deirtear gurb é an costas atá ar thithíocht agus ar chúram leanaí chomh maith leis an ioncam íseal atá ag daoine an t-údar atá leis seo.