skip to main content

Foclóir nua Meán-Ghaeilge agus Sean-Ghaeilge ar fáil ar-líne

Foclóir nua Sean agus Meán Ghaeilge foilsithe ar-líne
Foclóir nua Sean agus Meán Ghaeilge foilsithe ar-líne

Tá foclóir Sean-Ghaeilge agus Meán Ghaeilge ar fáil anois ar-líne i ndiaidh bliantaí de thaighde. Ollaimh in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste a rinne an obair ar Fhoclóir na Gaeilge a foilsíodh in eagráin i bhfoirm clóite ar idir 1913 1976.

Chaith an tOllamh Greg Toner agus comhleacaí leis an Dr Sharon Arbuthnot beagnach 20 bliain i mbun taighde ar Fhoclóir na Gaeilge. 

Foclóir atá ann a chlúdaíonn an luath-Ghaeilge idir an seú haois go dtí hochtú haois déag. Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath a chuir le chéile an foclóir ar feadh céad go leith bliain go lár na seachtóidí.

Go dtí seo ní raibh an foclóir ach in úsáid ag lucht taighde agus acadaimh ach tá an leagan úr i bhfad níos fusa ag an phobal a theacht air.

Is féidir an foclóir a aimsiú ag www.dil.ie