skip to main content

Cead Downey a eiseachadadh go Tuaisceart Éireann - Ard-Chúirt

Rialaigh an Ard-Chúirt inniu go bhfuil cead John Downey a eiseachadadh go Tuaisceart Éireann le líomhaintí dúnmharuithe beirt shaighdiúirí 45 bliain ó shin
Rialaigh an Ard-Chúirt inniu go bhfuil cead John Downey a eiseachadadh go Tuaisceart Éireann le líomhaintí dúnmharuithe beirt shaighdiúirí 45 bliain ó shin

Rialaigh an Ard- Chúirt i mBleá Cliath inniu gur féidir John Downey as Contae Dhún na nGall, a bhfuil sé curtha ina leith go ndúnmharaigh sé beirt shaighdiúirí breis is 45 bliain ó shin a eiseachadh go Tuaisceart Éireann.

Gabhadh John Downey atá seacht mbliana agus trí scóir i bPoblacht na hÉireann i Mí Dheireadh Fómhair seo caite fé bharrantas Gabhála Eorpach.

Tá sé curtha ina leith go ndúnmharaigh sé beirt shaighdiúirí chuid an UDR (Reisimint Cosanta Uladh) in Inis Ceithlinn sa bhliain 1972. Bhásaigh na saighdiúirí nuair a phléasc buama i ngluaisteán a bhí a sheiceáil acu.