skip to main content

Plean teanga Chill Dara á sheoladh anocht

Donnacha Mac Diarmada
Donnacha Mac Diarmada

Sa Nás anocht, seolfar plean teanga cúig bliana do Chill Dara ina bhfuil struchtúr oibre agus aidhmeanna leagtha amach leis an nGaeilge a chur chun cinn sa chontae.

Tá sé i gceist oifigeach forbartha teanga a fhostú, líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú agus aitheantas mar Cheantar Líonra Teanga a lorg don Nás agus na Solláin.

Ní mór don cheantar roinnt coinníollacha ó thaobh na teanga a chomhlíonadh sula gceadóidh Roinn na Gaeltachta an t-aitheantas sin dóibh agus creideann na Gaeil ansin go bhfuil siad ag dul sa treo sin.

Tá os cionn 222,000 duine ina gcónaí i gCo Chill Dara, 5% de dhaonra na tíre. Tháinig borradh 71% ar dhaonra an chontae le scór bliain agus Baile Átha Cliath ag cur thar maoil.

Tá ocht naíonra, seacht nGaelscoil, Gaelcholáiste amháin agus ollscoil sa chontae agus líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu sa chontae ag ardú dá réir.

Tá roinnt grúpaí áitiúla ag saothrú go dian le deiseanna a chruthú do Ghaeilgeoirí an teanga a labhairt taobh amuigh den chóras oideachais.

Deir Daithí Mac an Bhaird - múinteoir i nGaelcholáiste Chill Dara - go bhfuil ciorcail chomhrá, imeachtaí sóisialta, ranganna comhrá Gaeilge, scéim a chuireann gnó trí Ghaeilge chun cinn, féile bhliantúil dhátheangach sna Solláin, agus go leor imeachtaí eile ar fáil do Ghaeilgeoirí agus d'fhoghlaimeoirí sa chontae. 

Obair dheonach atá i gceist leis na himeachtaí seo a chur ar siúl den chuid is mó, a deir sé. 

I measc na spriocanna atá luaite i bplean teanga Chill Dara, tá sé i gceist go mbeadh an t-oifigeach teanga ag feidhmiú mar chomhordaitheoir le ceangal níos láidre a chruthú idir na scoileanna agus na grúpaí pobail.

Tá fás tagtha ar an éileamh ar sheirbhísí na Comhairle Contae a chur ar fáil i nGaeilge le roinnt blianta, dar le Donnacha Mac Diarmada, Oifigeach Gaeilge na Comhairle.

Comhairle Contae Chill Dara

Eagraíonn leabharlanna Chill Dara imeachtaí Gaeilge agus ócáidí dátheangacha gach seachtain.  Deir Donnacha go bhfuil éileamh ollmhór tagtha ar leabhair Ghaeilge sna leabharlanna i bhfianaise an líon mór leanaí atá ag freastal ar scoileanna Gaeilge. 

Tá scéim teanga leagtha amach ag an gComhairle Contae féin chomh maith, agus deir Donnacha go bhfuiltear ag cur leis na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge gach bliain.

Cé go bhfuil borradh ollmhór tagtha ar nGaeloideachas sa chontae le roinnt blianta, tá sé ráite sa phlean go mbíonn sé níos dúshlánaí pobal Gaeilge a tharraingt le chéile taobh amuigh den scoil. 

Eagraítear teacht le chéile do leanaí agus tuismitheoirí i nGaeilge in ionaid éagsúla sa chontae gach seachtain. 

Tá greasáin Ghaeilge á gcruthú ag na grúpaí seo, rud atá ag cur le pobal Gaeilge an chontae, dar le Ger Ní Fhlaithearta, ar de bhunadh Inis Oírr í. 

Ger Ní Fhlaithearta

Deir sí go bhfuil pobal Gaeilge an cheantair mar a bheadh cineál greasán tacaíochta aici agus í ag cur fúithi i bhfad ó bhaile.