skip to main content

'Ealaíontóirí thíos leis nuair a dhealós an Bhreatain ón AE'

Féinphortráid agus saothair eile i stiúideo Eoin Mhic Lochlainn
Féinphortráid agus saothair eile i stiúideo Eoin Mhic Lochlainn

Údar mór imní d'ealaíontóirí na tíre imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus na harduithe ar tháillí custaim agus srianta taistil a d'fhéadadh teacht i bhfeidhm dá bharr, a deir an t-ealaíontóir as Baile Átha Cliath Eoin Mac Lochlainn.

Tá Eoin Mac Lochlainn den tuairim go bhfuil dúshláin go leor roimh ealaíontóirí cheana féin slí bheatha a bhaint as a gceird agus go bhféadfadh dealú na Breataine ón Aontas cuid d'earnáil na n-ealaíon a phlúchadh.

Bhí taispeántas ag Eoin Mac Lochlainn i ngailearaí i mBéal Feiriste le gairid. Dá mbeadh teorainn chrua agus pointí seiceála custaim ann, ní bheadh fonn ar ealaíontóirí tabhairt faoi thaispeántais a eagrú ó thuaidh ná sa Bhreatain choíche, dar leis.

Ag coiste Dála le gairid, dúirt urlabhraí ó Theatre Forum - eagraíocht na n-ealaíon taibhiúcháin - go bhfuil níos lú ná dhá thrian den mheánphá náisiúnta á shaothrú ag ealaíontóirí na tíre trí chéile agus nach bhfuil aon teacht isteach rialta ag an gcuid is mó acu. 

Ceann de shaothair gan ainm Eoin Mhic Lochlainn ar crochadh ina stiúideo

Deir Eoin Mac Lochlainn go mbíonn obair bliana i gceist go minic le taispeántas amháin a réiteach agus nach mbíonn aon teacht isteach ag an ealaíontóir idir an dá linn. Cúnamh mór a bheadh ann dá mbeadh ioncam bunúsach ar fáil d'ealaíontóirí, a deir sé.

Tá infheistíocht an Rialtais i dtograí poiblíochta ar nós Global Ireland cáinte aige freisin.

Pictiúr uiscedhatha, Eoin Mac Lochlainn

Caitheadh beagnach €800,000 in 2018 le healaíona na tíre a chur chun cinn go hidirnáisiúnta. Céard is fiú poiblíocht a dhéanamh ar ealaíona na tíre, a deir Eoin, nuair nach bhfuil buntacaíochtaí ar fáil do na healaíontóirí féin? 

B'fhearr i bhfad, dar leis, an t-airgead seo a chaitheamh go díreach ar na healaíontóirí. D'fhéadfaí, cuir i gcás, breis airgid a thabhairt d'Oifig na nOibreacha Poiblí le saothair ealaíontóirí dúchasacha a cheannach, rud a chuirfeadh go mór leis an mbailiuchán náisiúnta, a deir sé.